Tá roinnt lámhscríbhinní Gaeilge ón 18ú agus ón 19ú céad i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, mar chuid de bhailiúchán de hÍde. Bhailigh Dubhghlas de hÍde na lámhscríbhinní sin le linn a chuid oibre agus fágadh le huacht ag an Leabharlann iad nuair a cailleadh é i 1949. Tá liosta de na lámhscríbhinní arna n-uimhriú 1–70 le fáil in imleabhar 11 de Manuscript Sources for the History of Irish Civilisation le Hayes, agus tá liosta de na lámhscríbhinní eile le fáil i Roinn na mBailiúchán Speisialta sa Leabharlann. Tá innéacs le fáil freisin i sraith de leabhair nótaí.
Lena chois sin, tá roinnt lámhscríbhinní Gaeilge eile á gcoinneáil ag an Leabharlann i mbailiúchán na Lámhscríbhinní Breise. Den chuid is mó, is éard atá sna lámhscríbhinní bailiúcháin d'fhilíocht agus cóipeanna de Fhoras Feasa na hÉirean ónn 18ú agus ón 19ú céad. Tá cóip ann freisin (LSB 175) de théacs leighis a bhaineann le muintir Chianáin ó Chontae Fhear Manach.
Tá na bailiúcháin sin ar fáil do gach taighdeoir, agus is féidir iad a cheadú i Seomra Léitheoireachta na mBailiúchán Speisialta i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin. Tá faisnéis fúthu sin agus faoi bhailiúcháin cartlainne eile le fáil ag https://library.nuigalway.ie/collections/archives/
Le linn an tionscadail bhliana ina raibh Leabharlann Shéamais Uí Argadáin páirteach le ISOS, rinneadh aon lámhscríbhinn déag a dhigitiú. Tá ríméad ar an Leabharlann go bhfuil sí páirteach sa tionscadal seo agus go bhfuil a cion fónta déanta aici leis na cuspóirí atá taobh thiar de thionscadal ISOS a bhaint amach: acmhainn leictreonach a bhaineann le hoideachas agus cultúr a sholáthar.