An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Aistríodh seasca seacht de lámhcríbhinní Gaelacha ó rannóg A de Leabharlann na bProinsiasach, Cill Iníon Léinín, go Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, mí na Samhna 2000. Faoi théarmaí Comhpháirtíocht na mBráthar Mionúr agus an Choláiste Ollscoile a tharla a t-aistriú seo, agus tá na lámhscríbhinní ar coimeád i Roinn na Cartlannaíochta sa Choláiste Ollscoile.
Ba é ba bhun leis an aistriú ná deimhnin a dhéanamh de go mbeadh na lámhscríbhinní ar láimh shábhála trí chlár cuimsitheach caomhnaithe a bhunú, agus chun iad a chur ar fáil don saol mór go saoráideach trí thionscnamh ISOS.
Is é an t-aistriú seo an t-aistear is déanaí atá déanta ag an mbailiúchán ó cuireadh le chéile é mar chuid de thionscnamh mór Bheathaí na Naomh de chuid Phroinsiasaigh Ghaelacha Lobháin go luath sa seachtú haois déag. D'iompaigh an tionscnamh seo ina mhórthionscadal staire agus ginealais a raibh ina cheartlár aimsiú, bailiú agus cóipeáil lámhscríbhinní Gaelacha a raibh stair na hÉireann, idir chléir agus tuath, le fáil iontu.
Thug an Bráthair Míchéal Ó Cléirigh — an staraí ba cháiliúla den gceathar ar ar tugadh na Ceithre Máistrí — thug sé aon bhliain déag ag taisteal na hÉireann (1626–37) agus lámhscríbhinní á n-aimsiú agus á gcóipeáil aige. Tá LS A 13, Annála Ríoghdhachta Éireann, ina bhall láir den mbailiúchán seo.
Thosaigh scaipeadh an bhunbhailiúcháin mhóir de lámhscríbhinní Ghaelacha agus Laidne Choláiste San Antaine na Lobháine le héirí amach na Fraince i ndeireadh an ochtú haois déag. Cuireadh an bailiúcháin go Coláiste San Iosadóir sa Róimh in 1792 mar ar fhan sé go dtí an bhliain 1872 nuair a aistríodh arís go Teach na mBráthar i gCé na gCeannaithe, Baile Átha Cliath, é agus imní ar na Proinsiasaigh go gcuirfí faoi chois sa Róimh iad. Nuair a bunaíodh Leabharlann na bProinsiasach i nDún Mhuire, Cill Iníon Léinín, ssa bhliain 1946, aistríodh an bailiúchán arís agus cruinníodh lámhscríbhinní Gaelacha uile de chuid na bProinsiasach sa láthair sin.
Le haistriú na lámhscríbhinní Gaelacha tá an dara cuid de phróiseas na comhpháirtíochta idir an Ord agus an Coláiste tugtha chun críche, próiseas ar cuireadh tús leis sa bhliain 1997 nuair a haistríodh roinnt bailiúchán tábhachtach de pháipéirí príomháideacha, go háirithe páipéirí Éamain de Valera.