Tá cnuasaigh éagsúla de lámhscríbhinní Gaeilge i measc a bhfuil ar coimeád i roinn na mBailiúchán Speisialta i Leabharlann Choláiste Ollscoile Chorcaí. An cnuasach is mó acu, Cnuasach Thorna (111 de LSS), ba chuid é de leabharlann an Ollaimh Thadhg Ó Donnchadha, a bhí ina Ollamh le Gaeilge sa Choláiste (1916–1944). Thit an cnuasach seo leis an gColáiste Ollscoile ar bhás Thorna sa mbliain 1949, agus d’fhoilsigh an Dr Pádraig de Brún tuairisc na lámhscríbhinní in Clár Lamhscríbhinní Gaeilge Choláiste Ollscoile Chorcaí: Cnuasach Thorna (1967).
Deich agus trí fichid de lámhscríbhinní Gaeilge atá i gcnuasach an Ollaimh Shéamas Ó Murchú, Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (1896–1919). Tá clárú déanta orthu ag an Dr Breandán Ó Conchúir in Clár Lamhscríbhinní Gaeilge Choláiste Ollscoile Chorcai: Cnuasach Uí Mhurchú (1991).
An chuid is mó de na lámhscríbhinní eile, ba leis an gCanónach Pádraig de Paor iad. Staraí Chontae Phort Láirge ab ea an Canónach, agus bhí sé ina Léachtóir le Seandálaíocht, agus ina Ollamh ina dhiaidh sin, sa Choláiste Ollscoile 1915–1932.
Sa mbliain 2020 bhronn Iontaobhas Chatsworth agus Diúc Devonshire Leabhar Leasa Móir (nó, Leabhar Mheic Carthaigh Riabhaigh) ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Lámhscríbhinn cháíliúil mheamraim í seo a breacadh c. 1478 i gCaisleán Chill Bhriotáin, lán de scéalta agus de théacsaí ón mheánaois dhéanach.
I measc na dtrí chnuasach a luadh thuas tá mórán leabhar suaithinseach eile. Orthu sin tá cóip den bhForas Feasa le Séathrún Céitinn a bhaineann le deireadh an tseachtú haois déag, agus atá curtha ar fail anois i bhfoirm dhigiteach mar chuid den dtionscnamh tosaigh seo.
Tá cead ag léitheoirí na cnuasaigh seo a bhreithniú ach iarratas a chur go dtí Bailiúcháin Speisialta, Leabharlann Choláiste Ollscoile Chorcaí. Tá a thuilleadh eolais ar uaireanta oscailte agus cead léite le fáil ag https://libguides.ucc.ie/library.
Cúis lúcháire is ea é do Leabharlann Choláiste Ollscoile Chorcaí bheith páirteach i dtionscnamh ISOS. Ar an gcuma seo táimid ag cur le cuspóirí an tionscnaimh maidir le gné an-tábhachtach dár n-oidhreacht Ghaelach a chur ar fáil don bpobal go leictreonach. Táimid ag tnúth lena thuilleadh dár lámhscríbhinní a bheith le fáil sa tionscnamh amach anseo.
Crónán Ó Doibhlin
Ceann na mBailiúíchán Speisialta, Leabharlann Choláiste Ollscoile Chorcaí.