Campas Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Campas de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath is ea Campas Phádraig ó tháinig athrú ar struchtúr na hOllscoile i mí Mheán Fómhair, 2016. Rinneadh Coláiste Phádraig, Droim Conrach a ionchorprú san Ollscoil ag deireadh na míosa sin agus leasaíodh teideal an champais mar chuid den athrú. Coláiste Oideachais agus Léinn Dhaonna a bunaíodh sa bhliain 1875 ba ea Coláiste Phádraig. Bhí dlúthcheangal ag an institiúid sin ar feadh i bhfad le saol an léinn agus na litríochta in Éirinn. Áirítear i measc alumni an Choláiste na scríbhneoirí Séamus Ó Grianna, Seosamh Mac Grianna, Máirtín Ó Cadhain, John McGahern agus Patrick McCabe. Roimh ionchorprú an Choláiste isteach in Ollscoil Bhaile Átha Cliath, bailíodh agus coimeádadh réimse leathan ábhair i nGaeilge agus i mBéarla ón 18ú and 19ú haois i Leabharlann Uí Chriagáin, ceithre lámhscríbhinn Ghaeilge ina measc. Is iad na príomhchnuasaigh a bhí ann: Cnuasach Padraic Colum, Cnuasach Énrí Uí Mhuirgheasa agus Cnuasach P.W. Joyce. Rinne Séamus P. Ó Mórdha cur síos iomlán ar ábhar na lámhscríbhinní in alt leis a foilsíodh ar Studia Hibernica. [Féach Iml. I (1962), lgh 172–94.]
Cláraíodh na lámhscríbhinní faoi na teidil Lámhscríbhinní I, II, III agus IV. Ábhar creidimh nó cráifeach is mó atá i gceist, cé go bhfuil dánta agus téacsanna próis eile iontu freisin. Tá leagan neamhiomlán de Scáthán Shacramuinte na hAithridhe le hAodh Mac Aingil, seanmóir faoi Naomh Pádraig dar teideal Seanmóir ar Bheatha Phádraig, agus na téacsanna Agallamh an Anma agus an Chuirp, agus An Teanga Bhithnua i LS I. Leagan eile de Scáthán Shacramuinte na hAithridhe go príomha atá le fáil i LS II. Tá réimse ábhair éagsúil le fáil i LS III, ar a n-áirítear Iomarbháidh Oisín agus Phádraig, Pléaráca na Ruarcach, agus Pléaráca an Stafordaigh. Ar cheann de na cúiseanna gur díol spéise an lámhscríbhinn áirithe seo is ea gur scríobhadh í ar leathanaigh as foilseachán dlí a bhfuil téacs na n-achtanna ar thaobh amháin díobh, achtanna a reachtaíodh sa bhliain 1772. Baineann dhá cheann de na hachtanna leis an bhféimheacht agus pléann an tríú ceann le moltaí a bhíothas a dhéanamh chun déileáil le corraíl a bhí ar bun ag an am i lár agus in oirthuaisceart Uladh. Is é atá i LS IV ná leagan den saothar a chum Séathrún Céitinn, Eochair-Sciath an Aifrinn, agus an téacs, Beatha Phádraig.
Roimh an ionchorprú bhí foireann Leabharlann Uí Chriagáin rannpháirteach i ndigitiú an ábhair seo, rud a d’fhág go raibh páirt nach beag acu i dtionscadal tábhachtach ISOS féin. Is cúis bhróid don Ollscoil é go bhfuil na lámhscríbhinní caomhnaithe i gcruth digitithe anois agus go bhfuil teacht orthu ag an bpobal i gcoitinne agus, go háirithe, ag scoláirí na Gaeilge. Tá na lámhscríbhinní, mar aon leis an ábhar stairiúil eile a bailíodh i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ar coimeád anois i Leabharlann Uí Raghallaigh ar Champas Ghlas Naíon, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.