Comhfhiontar idir Lárionad Lováin don Léann Éireannach, Leabharlann Ríoga na Beilge, Ambasáid na hÉireann sa Bheilg agus Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath atá i ndigitiú lámhscríbhinní Choláiste na nGael, Lováin, atá anois á gcoinneáil i Leabharlann Ríoga na Beilge.
Tugadh na lámhscríbhinní seo go Coláiste San Antaine sa seachtú haois déag. Ní beag an tábhacht a bhaineann leis an gColáiste Froinsiasach seo i stair agus i gcultúr na hÉireann. Tháinig na céadta Éireannach go Lováin le hoiliúint a fháil le haghaidh na sagartóireachta nuair a bhí cosc ar a leithéid a dhéánamh in Éirinn. Is iad Froinsiasaigh Éireannacha Lováin a bhí freagrach as mórthionscnaimh chultúrtha a chur i gcrích agus roinnt leabhar Gaeilge a fhoilsiú i dtréimhse chorraitheach na haoise sin. Ábhar liteartha, staire agus naomhsheanchais atá sna lámhscríbhinní seo, cuid acu atá i láimh Mhíchíl Uí Chléirigh féin. Nuair a tháinig Lováin faoi thionchar Réabhlóid na Fraince scaipeadh na lámhscríbhinní. Is i Leabharlann Ríoga na Beilge atá na cinn seo agus tá cuid mhór eile anois sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Trí phróiseas an digitithe, is féidir bailiúchán Lováin á thabhairt le chéile arís.
Lárionad Lováin don Léann Éireannach a d’eagraigh an digitiú agus Ambasáid an hÉireann sa Bheilg a mhaoinigh. Saotharlann digitithe Leabharlanna KU Lováin a ghabh na híomhánna agus glacfaidh an tseirbhís TF, LIBIS, uirthi féin cúram a gcaomhnaithe go fadtéarmach.
Cur Síos na Catalóige agus Gnásanna
Tá na meiteashonraí cóidéacseolaíocha atá ag gabháil leis na híomhánna digiteacha á gcur ar fáil trí ISOS ag an Ollamh Pádraig A. Breatnach, Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath as a Catalogue of manuscripts in the Irish language in the Bibliothèque royale de Belgique / Koninklijke Bibliotheek van België atá á réiteach faoi láthair. Cuimsíonn siad sonraí coimre, ina measc, eolas faoi thuairiscí a tugadh roimhe seo agus mioninnéacsanna den ábhar.
Tugtar na hiontrálacha san innéacs mar atá siad sa lámhscríbhinn ach is gnách noda na scríobhaithe a scaoileadh. Is leis an eagarthóir roinnt na bhfocal agus ceannlitriú ainmneacha daoine agus áiteanna. Ní thugtar sonraí bibleagrafaíochta faoi eagráin de ghnáth ach amháin nuair is do chóip sa bhailiúchán seo atá an tagairt.
Feic nasc: Online Access to KBR Manuscripts in the Irish Language. Teagmháil: pbreatnach@celt.dias.ie (Deireadh Fómhair 2019)