Mainistir den Ord Cistéirseach atá i gCnoc Mhellerí, sna Déise. Bunaíodh an mhainistir sa Screathan ar leaca an Chnoic Mhaoil Dhoinn, lastuaidh de Lios Mór agus de Cheapach Choinn, sa bhliain 1832, tar éis gur díbríodh an chléir ón bhFrainc.
Tá lámhscríbhinní luachmhara eile, lasmuigh den gcnuasach Gaelach, i leabharlann na mainistreach chomh maith. Tá Bíobla Laidne ón gceathrú haois déag, agus leabhar ceoil na salm a bhaineann lein an tarna haois déag.
Is anso leis atá páipéirí an Chanónaigh William P. Burke, an staraí cáiliúil a bhí tráth ina shagart paróiste i Lios Mór, agus a scríobh Irish Priests in Penal Times agus History of Clonmel etc.
Bailiúchán beag de lámhscríbhinní na Gaeilge atá ar coimeád i Mainistir Chnoc Mhellerí. Leis an ochtú agus an naoú haois déag a bhaineann siad. Chláraigh Scoil an Léinn Cheiltigh an cnuasach seo sa bhliain 1991 agus beartaíodh ar íomhánna a dhéanamh de chuid acu mar scéim phíolóiteach de ISOS, le caoinchead Ab na mainistreach.
Is í LS 1 an ceann acu is luaithe. Sa bhliain 1712 a scríobh Aindrias Mac Cruitín í, agus dhá théacs mhóra de chuid an tseachtú haois déag atá inti: Forus Feasa ar Éirinn le Séathrún Céitinn, agus Iomarbhágh na bhFileadh. Tá cóip an-luath — an chóip is luaithe b'fhéidir — ó láimh an údair féin den dán dár tosach ‘Beannughadh doimhin duit a Dhoinn na Duimhche’ inti leis.
Tá dhá lámhscríbhinn eile sa chnuasach a bhaineann leis an ochtú haois déag. Sa bhliain 1733 a scríobhadh LS 2, agus tharlódh gur i gContae na Mí a breacadh í. Cóip den Scáthán Spioradálta atá inti. Éamon Cochlainn a scríobh LS 3 sa bhliain 1789. Lámhscríbhinn Chorcaíoch í seo agus cóip de Forus Feasa atá inti.
Leis an naoú haois déag an chuid eile den gcnuasach. Leabhar Aifrinn is ea LS 4 nach eol dúinn cé scríobh. Mícheál Ó Cróinín, Ciarraíoch, scríobhaí LS 5. Saothar diadha de chuid an Chéitinnigh atá anso, Eochairsciath an Aifrinn, agus le ceathrú tosaigh na haoise a bhaineann an lámhscríbhinn.
I gceantar Dhúiche Ealla, i dtuaisceart Chontae Chorcaí a scríobh Seán Ó Buachalla LSS 6 agus 7 idir na blianta 1824 agus 1844. Solaoidí maithe ar bholg an tsoláthair atá coitianta go maith san ochtú agus sa naoú haois déag is ea na lámhscríbhinní seo. Meascán den bhfianaíocht, den bhfilíocht pholaitiúil agus ócáidiúil, agus d'ábhar ilchineálach laethúil atá le léamh iontu.
Tá leis i leabharlann na mainistreach bailiúchán tábhachtach de litreacha agus de cháipéisí a bhaineann leis an Athair Maurus Ó Faoláin (1853–1931) agus a thugann léargas dúinn ar ghluaiseacht na teangan i ndeireadh an naoú haois déag agus i dtúis an fhichiú haois. Ar na cúiseanna a bhí leis an mbailiúchán seo de lámhscríbhinní a chur le chéile sa mhainistir ní foláir nó bhí an tsuim mhór a bhí ag Maurus sa Ghaeilge agus i dtraidisiúin na Gaeilge.
An dá lámhscríbhinn a bhfuil LSS 9 agus 10 tugtha orthu sa chlár foilsithe, ó mhionscannán a cláraíodh iad mar ní i Mellerí a thuilleadh dóibh agus ní fios cár ghabhadar.
Seán Ó Muirgheasa, agus iníon iníne leis, Máire, a scríobh LSS 11, 12, 13, 14, 15, agus 16. B'as ceantar Shliabh gCua do Sheán (c. 1819–1891), ceantar inar mhair an teanga go dtí le déanaí, agus ina bhfuil na nósanna Gaelacha fós go láidir. Ba le hiníon Mháire, Cáit Ní Bhriain, duine breá agus bean mhór sheanchais, na lámhscríbhinní seo go dtí go bhfuair sí bás i 1995. Bhronn sí an cnuasach ar an mainistir go gairid roimhe sin.