The Irish Jesuit Archives (IJA) contains the records of the Society of Jesus (Jesuits) in Ireland from 1575 to the present, and transcripts going back to 1527, offering a panorama of Jesuit life and work in Ireland, Australia, Hong Kong and Zambia across many generations, in times of persecution and exile, and in times of prosperity and growth. They exist in a wide variety of formats: paper records; photographs; microfilm; film; tape recordings and digitally born records.
https://www.jesuitarchives.ie/
tAthair Pádraig Ó Fiannachta,
‘Clár Lámhscríbhinní Gaeilge’,
Leabharlanna na Cléire agus Mionchnuasaigh, Fascúl II
[ Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1980 ]
LÁMHSCRÍBHINNÍ NA nÍOSÁNACH,
SRÁID LÍOSAN, BAILE ÁTHA CLIATH
IL 1–9
Tá 9 lámhscríbhinn Ghaeilge i gcartlann na nÍosánach in 35 Sr. Líosan, íochtarach, Baile Átha Cliath. Ní fios go cruinn conas a tharla ansin iad. Bhí IL 6 agus 7 i seilbh an Athar Eoin Mac Fhir Léinn, S.J., de réir dealraimh. Bhí IL 5 i seilbh an Athar Éamann Ó hÓgáin, S.J. Tá stampa ar IL 2 agus 9 a chuireann in iúl go rabhadar araon tamall i Meiriceá. Deir an tAthair Aubrey Gwynn, S.J., go bhfuair sé féin IL 1 sa Leabharlann sa teach agus gur thaispeáin sé don Athair Mac Fhir Léinn í agus gur fhéach seisean chuige gur cheangail Colm Ó Lochlainn í i gComhartha na dTrí gCoinneal. Ceanglaíodh IL 8 ansiúd leis. Bhí sí seo tráth i seilbh Sheáin Uí Chatháin i nDubhghlas i gCo. Chorcaí, agus, níos déanaí, i seilbh an Athar Patrick Kenyon. Seachas an méid sin níl le rá ach gur bhailigh an chuallacht léannta seo na lsí seo de réir a chéile agus gur thugadar togha na haire dóibh.