Bunaíodh Coláiste na Rinne, Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, sa mbliain 1905. Bíonn cúrsaí Gaeilge do dhéagóirí ar siúl ann gach bliain ó Mheitheamh go Lúnasa. Bíonn Scoil na Leanbh, bunscoil chónaithe lánGhaeilge do chailíní agus buachaillí a bunaíodh in 1919, ar bun ann ó Mheán Fómhair go Bealtaine gach bliain. Is sa Choláiste a reachtáltar Daonscoil na Mumhan i ndeireadh Lúnasa.
Tá sé cinn de lámhscríbhinní Gaeilge ón 19ú haois i Leabharlann Choláiste na Rinne. Na trí cinn is sine acu seo, LSS 1–3, is é an Dr Risteard de Hindeberg (1863–1916), duine de bhunaitheoirí an Choláiste, a d'fhág le huacht ag an gColáiste iad.
Is é Amhlaoibh Ó Súilleabháin, Callainn, Co. Chill Chainnigh, a scríobh LS 1, lgh 1–60, cóip de dhá Scéal Rúraíochta, Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne agus Oidheadh Chonlaoich. Chuir sé críoch leis an tara scéal acu seo an 4 Aibreán 1812. Dán diaga atá in LS 1, lgh 61–70. Ní fios cé scríobh na bileoga so. Is é Donnchadh Ulf, Droichead Abhann Ó gCearnaigh, Co. an Chláir, a scríobh LS 1, lgh 71–304. Aibítir na Gaelainne, clár nod, agus cnuasach filíochta a bhreac sé in 1816 atá sna leathanaigh seo. Le Seán Ó Dálaigh, Lic Fhuaráin, Co. Phort Láirge a bhaineann an chuid déanach de LS 1, lgh 305–400, cnuasach dánta le Tadhg Dall Ó hUiginn, Séathrún Céitinn, Dáibhí Ó Bruadair agus filí nach iad. Chríochnaigh Ó Dálaigh scríobh dhánta Bhruadair in Eochaill Co. Chorcaí, an 9 Márta [? 1829].
Le Co. Chorcaí a bhaineann LS 2. Is é Seán Ó Súilleabháin, an Righlán, paróiste Achadh Bolg, Múscraí Thoir, Co. Chorcaí, a scríobh an chuid tosaigh di, téacsanna próis, laoithe Fianaíochta agus dánta eile, in 1819. Tomás Ó hÉigeartaigh, Ros Ó gCairbre, a scríobh an chuid déanach di, laoithe Fianaíochta agus dánta eile, cuid acu le haistriú Béarla, a bhreac sé in 1839.
‘Lámhscríbhinn an Niallaigh’ a thugtar coitianta ar LS 3. Is é Pádraig Ó Néill (1765–1832), Ónainn, Co. Chill Chainnigh, a scríobh formhór an ábhair atá inti, filíocht Ghaeilge, agus aistí is comhfhreagras i mBéarla, sna blianta 1818–19. Thá roinnt leathanach in LS 3 chomh maith a scríobh Micheál Óg Ó Longáin, Carraig na bhFear, in 1813, do Art Ó Laoghaire, agus a thuilleadh leathanach inti a scríobh Seán Ó Doinn (1815–92), Garraí Ricín, Co. Chill Chainnigh, in 1863.
Is dealrach gurb é Liam Ó Miadhacháin (1874–1960), Rinn Ó gCuanach, a bhronn LSS 4 agus 5 ar Choláiste na Rinne, cóipeanna de Forus Feasa ar Éirinn le Séathrún Céitinn a scríobh Pádraig Ó Cearmada, Tigh an Mhuilinn, Cill Rosanta, Co. Phort Láirge. In 1893–4 a scríobh an Cearmadach LS 4, agus tá sé dian nó gur roimhe sin a scríobh sé LS 5.
Is iad muintir Shéamais Uí Chléirigh, Cathair Phort Láirge, a bhronn LS 6 ar Choláiste na Rinne, cóip de Cúirt an Mheadhón Oidhche a bhaineann leis an naoú haois déag. Ní fios cé scríobh í.
Tá cnuasach cóipleabhar agus leabhartha nótaí a bhaineann leis an 20ú haois in Leabharlann Choláiste na Rinne chomh maith. Orthu so tá sé chóipleabhar Gearmáinise a scríobh an Dr Risteard de Hindeberg sna blianta 1896–8, agus cnuasach nótaí Gaeilge a scríobh an Dr Micheál Ó Síothcháin (1870–1945) sa tréimhse 1904–1922.
© Summary description by Aoibheann Nic Dhonnchadha, 1999