Chatsworth
Baile dúchais muintir Cavendish ó lár na seú haoise déag is ea Chatsworth, áras Diúc Devonshire.
Tá cáil ar an mbailiúchán ealaíona atá sa teach: pictiúirí, dealbhóireacht, agus troscán. Tá cartlann agus leabharlann tábhachtach ann chomh maith, agus ar chnónna mullaigh an chnuasaigh sin tá Leabhar Leasa Móir.
D'Fhínghean Mág Carthaigh Riabhach agus dá bhean a scríobhadh an lámhscríbhinn i gceantar Thigh Molaige, Co. Chorcaí, i dtreo dheireadh na cúigiú haoise déag. Meastar gur cuireadh an Leabhar i gCaisleán Leasa Móir tar éis chogaí na seachtú haoise déag. Ó lár na hochtú haoise déag tá Caisleán Leasa Móir ina áras Éireannach ag Diúc Devonshire. Bhí an Leabhar i bhfolach sa Chaisleán, i dteannta Bhachall Leasa Móir, nó go dtángthas orthu nuair a bhí athógáil agus athnuachaint á ndéanamh ar an gCaisleán sa mbliain 1814. 1930 aistríodh an lámhscríbhinn ón Lios Mór go Chatsworth. Sa mbliain 2020 bronnadh Leabhar Leasa Móir ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Díolaim de théacsaí diadha agus saolta, dúchasacha agus Eorpacha, atá sa lámhscríbhinn. Tá ina scáthán ar a mbíodh ina adhbhar suime maidir le litríocht de ag taoiseach Gaelach i ndeireadh na meánaoise ar fad.
Maidir leis na lámhscríbhinní atá ar fáil, féach ar an mír den suíomh sea a bhaineann le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.