Taobh amuigh d’Éirinn, is ag Leabharlann na Breataine atá an cnuasach is mó lámhscríbhinní a bhfuil ábhar i nGaeilge iontu — os cionn 200. Idir an dara haois déag agus an naoú haoise déag a scríobhadh na lámhscríbhinní seo agus cuimsíonn siad réimse leathan seánraí: téacsanna leighis, ábhar cráifeach, téacsanna dlí, gramadach agus stair, i bprós agus i bhfilíocht. Soiscéalta Mael Brigte (Harley MS 1802), a scríobhadh in Ard Mhacha in 1138, an lámhscríbhinn is sine orthu. Tá colafóin i nGaeilge inti maille le dánta ar na Saoithe, ar Chríost agus ar na hAspail. Lámhscríbhinní sonracha eile is ea an bailiúchán de théacsanna leighis i nGaeilge agus i Laidin a scríobhadh sa bhliain 1459 (LS Harley 546) agus an meascra de théacsanna dlí agus gramadaí a thiomsaigh Domhnall O Duibhdábhoirenn sa 16ú haois (LS Egerton 88).
Cé go bhfuil fáil ar go leor lámhscribhinní Gaeilge i mórchnuasaigh Leabharlann na Breataine, is iad na 121 lámhscríbhinn a bhain leis an staraí agus an dlíodóir Éireannach, Séamas Ó hArgadáin (1782–1855), agus a cheannaigh Musaem na Breataine in 1832 le hairgead a d’fhág Francis Henry Egerton, an t-ochtú Iarla ar Bridgewater (1756–1829) le huacht an cnuasach is suntasaí orthu seo.
Gheofar mionchur síos ar lámhscríbhinní Gaeilge na Leabharlainne in Catalogue of Irish Manuscripts in the British Museum, 3 iml (London: British Museum, 1926–1953), Iml. I le Standish Hayes O'Grady (1926), Iml. II le Robin Flower (1926), Iml. III le Robin Flower, leagan athcheartaithe le Myles Dillon (1953). Tá catalóg ar-line lámhscríbhinní agus aircív na Leabharlainne ar fáil ag https://searcharchives.bl.uk. Is féidir lámhscríbhinní a léamh i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní. Gheofar eolas faoin gcaoi ar féidir pas léitheora a fháil ar shuíomh idirlín na Leabharlainne: https://www.bl.uk. Maidir le fiosrúcháin faoi theacht ar lámhscríbhinní, seol ríomhphost, le do thoil, chuig mss@bl.uk.