Is í Leabharlann Stáit Victoria an leabharlann taighde is mó sa Stát. Is mór agus is fairsing a bhfuil ar coimeád ann de chnuasaigh sean-leabhar, ábhar clóite, grianghrafanna, pictiúirí agus comhaid digiteacha. Is tré cheannach cáiréiseach agus bronnadh flaithiúil a tógadh agus a cuireadh le bailiúcháin mhóra na Leabharlainne i gcaitheamh na mblianta.
Leabharlann Phoiblí Melbourne a tugadh air nuair a bunaíodh an Leabharlann sa mbliain 1854. An té a bhunaigh é, Sir Redmond Barry (dlíodóir a saolaíodh i gCorcaigh), dob é a bhí ina cheann aige ná ‘ollscoil an phobail’ a bhunú, áit a mbeadh teacht go saoráideach ag gach aoinne de chuid cóilíneacht Victoria, bocht nó saibhir, ar eolas agus léann an domhain mhóir. Bhí an Leabharlann ar cheann de na saor-leabharlanna ba thúisce a bunaíodh ar domhan. Sa lá inniu bíonn triall ar an Leabharlann ag 1.5 milliún daoine in aghaidh na bliana, agus tugann thart ar 6 mhilliún cuairt ar shuíomh idirlín na Leabharlainne.
Idir na blianta 1863 agus 1888 a fuair an Leabharlann na trí lámhscríbhinní Gaeilge atá ann. Ba é an tAthair John Barry D.D. a bhronn an chéad cheann acu (LS 10595) ar an Leabharlann mí Bhealtaine 1863, mí sarar fhág sé an chathair. Bhí aithne go forleathan ar an Dr de Barra as a chuid múinteoireachta in Éirinn agus i gColáiste Phádraig i Melbourne Thoir. Sa mbliain 1867 ceannaíodh an dara lámhscríbhinn (LS 10357) ó mhangaire leabhar i Melbourne, Henry Tolman Dwight. Bronntanas ab ea an tríú ceann (RARES 091 C76) ó Matthew O’Shanassy, mac do Thaoiseach Victoria, Sir John O’Shanassy (1818–83) a saolaíodh i gCo. Thiobraid Árann. Cnuasach iomlán leabhar Sir John, tháinig sé chun na Leabharlainne in 1888 tréna mhac Matthew.
Táthar á chur i gcás le tamall go mb’fhéidir go dtáinig LS 10357 agus RARES 091 C76 go Melbourne tré Edward Hayes, údar The Ballads of Ireland. Cuireadh an cnuasach mór leabhar dá chuid — breis agus 3,000 imleabhar, lamhscríbhinní Gaeilge ina measc — ar ceant i Melbourne sa mbliain 1864. Ba é Henry Tolman Dwight a chuir catalóg an díolúcháin sin le chéile.
Tá fáil ag taighdeoirí i gcónaí ar na trí lamhscríbhinni seo sa Leabharlann.