Bunaíodh mainistir agus baile New Norcia, 130 km lastuaidh de Pheairt, sa mbliain 1847. Rosendo Salvado agus Joseph Serra, easpaig, a bhí ina manaigh i mainistir San Mártan i gCompostela na Spáine roimhe sin, is iad a bhunaigh. Ochtar manach atá sa mhainistir inniu, fé stiúir an tseachtú Ab, an tAthair John Herbert.
Sna blianta tosaigh dhein an mhainistir cúram de mhuintir bhunaidh na háite, agus tógadh dhá dhílleachtlann i gcomhair na ngarsún agus na gearrchailí bundúchasacha. Leanadar sin ina ndílleachtlanna agus ina scoileanna go maith isteach sna 1970í, nuair a chuir athraithe a bhí tagtha ar an daonra áitiúil deireadh leo. Sna blianta 1908 agus 1913, in aimsir an dara Ab, Fulgentius Torres, bunaíodh dhá scoil mhóra do chlann mhac agus chlann iníonacha na bhfeirmieoirí agus na bhfear gnó áitiúla, agus leanadar seo ag feidhmiú leo go dtí go luath sna 1990í. Ionad turasóireachta is ea an mhainistir ó dúnadh na scoileanna seo agus tagann thart ar 70,000 cuairteoirí ag triall ar an áit gach bliain.
Cuireadh an Chartlann ar bun sna 1970í tar éis don Athair Eugene Perez lear mór cáipéisí agus grianghrafanna a bhailiú le chéile, rudaí a mbíodh na manaigh go díocasach ina bhfeighil ó bunaíodh an mhainistir.
Cúig cinn de sheomraí, taobh le taobh, atá sa Chartlann inniu, agus ceann acu ina sheomra taisce atá curtha i gcomhair maidir le cosaint ar thine agus ar aimsir de. I gcaitheamh na mblianta, le cúnamh deontaisí agus duaiseanna éagsúla, deineadh athchóiriú nua-aimseartha ar an gCartlann: ó mhionscannánú, go bunachair a chruthú agus digitú a chur ar siúl, agus cartlannaí láncháilithe a cheapadh. Tá clárú agus achoimriú déanta ar thart ar 20,000 litreacha ó bhlianta Salvado (1847–1900), agus táthar i mbun iad a scannadh i láthair na huaire. Tá scannadh mar an gcéanna á dhéanamh ar thart ar 60,000 grianghrafanna ó na 1870í ar aghaidh, agus tá thimpeall 8,000 acu déanta cheana féin. Chomh maith leis na litreacha luachmhara agus Leabhar Urnaithe Sheághain Uí Úmhair, tá sa Chartlann bailiúchán ardluachmhar de dhialanna a scrígh na manaigh, a mbaineann a bhformhór acu le haimsir Salvado.
Bíonn fonn ar an Ab agus ar an gComhthionól i gcónaí taighde a chur chun cinn sa Chartlann, agus tá eolas breise i dtaobh New Norcia agus a chuid bailiúchán le fáil ó: https://www.newnorcia.wa.edu.au
Is féidir teangmháil a dhéanamh leis an gCartlannaí ag: archives@newnorcia.wa.edu.au