Bunaíodh Ionad Acadúil Allan agus Maria Meyers mar chomh-áis do Choláiste Newman agus Coláiste Mhuire Naofa, atá ina gcolaistí cónaithe de chuid Ollscoil Melbourne. Tugann an tIonad Acadúil labharlanna an dá choláiste le chéile, agus tá de chonách air go bhfuil ar coimeád i Seomra Gaelach Gerry Higgins leabhair, paimphléidí agus lámhscríbhinní a bhaineann le hÉirinn.
Cuireadh bailiúchán Choláiste Newman ar bun sa mbliain 1924 tré thiomnacht ó mhuintir an Dr Nioclás Mícheál Ó Domhnaill. Is é a bhí anseo ná leabharlann phearsanta an Dr Ó Domhnaill, agus seacht gcéad de leabhraibh agus trí chéad de phaimphléidí á n-áireamh inti, cuid mhaith acu i nGaeilge. Saolaíodh Nioclás Ó Domhnaill sa mbliain 1862 i mBullengarook, gairid do Gisborne, Victoria. Éireannaigh ab ea a athair agus a mháthair. Níor thug sé cuaird riamh ar Éirinn ach bhí labhairt, léamh agus scríobh na Gaeilge aige. Bhailigh sé mórán saothar a bhain le gach aon ghné de stair agus de chultúr na hÉireann, agus fuair sé aitheantas i gcaitheamh a shaoil as a dhúthracht ar son na teangan.
Tá dhá lámhscríbhinn Ghaelacha i mbailiúchán an Domhnallaigh: cóip de ‘Táin Bó Cuailnge’ a bhreac Seosamh Ó Longáin, 1862, agus cnuasach scéalta ó Sheosamh agus óna dheartháir Peadar.
Is minic ó 1924 i leith a cuireadh leis an mbailiúchán seo ó leabharlanna sagart nach maireann agus tré shaothair a bronnadh agus a ceannaíodh. Is mian leis an Ionad Acadúil buíochas a ghabháil le baill dhíograiseacha de phobal léann na hÉireann i Melbourne as na bronntanais agus as an dtacaíocht a fuarthas uathu le blianta beaga.
Tá bailiúchán na hÉireann agus bailiúcháin eile san Ionad Acadúil ar fáil do thaighdeoirí. Tá catalóg na leabharlanna agus tuilleadh eolais le fáil ag:
Is í Lee McRae ó Digital Media Services, Ollscoil Melbourne, a thóg na grianghrafanna den dá lámhscríbhinn i dtreo go léireofaí ar ISOS iad. Cúis mhór áthais é don Ionad Acadúil bheith i gcomhpháirtíocht le ISOS.