TeidealAn Cath Catharda
BailiúchánAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Suíomh FisiciúilBaile Átha Cliath, Éire
Marc SeilfLS A 17
TeangachaGaeilge; ga
Dáta cruthaithe1600-1699; 1616
Uimhriú139 fóilió
ÁbharSeanchus
ÚinéireachtBreathnaíonn sé gur scríobhaí Brussels 20978-9 an príomh lámh atá anseo agus is cosúil gur scríobadh í i gCo. Fhear Manach sa bhliain 1618 (féach ar B. Ó Cuív, Éigse 9 (1959-60) 173 ff.). I dtosach báire bhí sé ar intinn na bProinsiasach Éireannach a bhí i Lováin sa Bheilg ag tús an 17ú haois beathaí na naomh a bhailiú.Tháinig an scéim sin chun chinn mar scéim mhór stairiúil agus ghinealaigh, a aimsigh, a bhailigh agus a tras-scríobh a bhí ar stair shaolta agus eaglaisiúil na hÉireann. Thosaigh scaipeadh an bhunbhailiúcháin dena lámhscríbhinní Gaeilge agus Laidineacha, a bhí níos leithne, ó Lováin ag deireadh an 18ú haois le Réabhlóid na Fraince. Bogadh an bailiúchán go Coláiste Naomh Isidore, An Róimh sa bhliain 1792 chun go mbeadh sé sábháilte agus d'fhan sé ansin go dtí 1872 nuair a bhogadh é go dtí Mainistir na bProinsisach, Cé na gCeannaithe, Baile Átha Cliath. Bhí sé i Leabharlann na bProinsiasach, Dún Mhuire, Cill Iníon Léinín, Co. Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1946 agus faoi dheireadh bogadh é go dtí Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i Samhain 2000.
RaonCo. Fhear Manach; An Bheilg; An Iodáil; Baile Átha Cliath
BunábharPáipéar
CeangailCeangailte i gclúdach déanta de chairtchlár agus mheamram le 'No.20' scríofa air agus lipéid le A . 19, G XXVII, agus A 17 ar an gclúdach tosaigh.
PátrúinCartlann na bProinsiasach, 1792-2000; COBAC, 2000
Toisí7.3" x 5.7"
Ar líne ó2004
NótaíAn Cath Catharda [The Civil War]. Aistriúchán Ghaelach de chuntas an scríbhneoir Rómánaigh Lucan ar an cath catharda idir Julius Caesar agus arm an tSeanaid Rómánaigh le Pompey, a thugtar Pharsalia air i gceannais. Tos. Ceithri hiostudha flaitiusa itarrustar flaithius et forlamus for criocaib et cendnachaib na cruindi domandae. Críoch. (f. 139 v í) in tan at cluinfitis anaitri et ambraitri do commarbad araili icomraictib in cathae sae. Teidil chaibidlí ar na n-imill, ff. 4 r-97 r. Is í sin an t-aon chóip iomláin den téacs atá ar an bhfód agus bhain W. Stokes úsáid astí dá eagrán, Irische Texte IV pt ii (1909); féach ar lth. vi. Ff. 139+4 duilleoga bána ag an tús agus 8 ag an deireadh. Tá cuid athruithe sa scríbhneoireacht ach breathnaíonn sé go bhfuil lámh amháin i gceist don chuid is mó den téacs le giotaí beaga i lámha eile ar ff. 27 r (?), 62 r, 103 v, 113 v, 121 r-122 v (?). Línithe i dturbhior. (Dátai sa bhliain 1616 ar ff. 23 r i (.30. Se[pt].), 30 r i (.i. October), 66 v i, 86 r i (.22. October), 108 r i (.8. November).
CeartaCóipcheart ag Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; Iomhá Foinse ag Meamram Páipéar Ríomhaire, Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
CuntasIs lámhscríbhinn Gaelach í COBAC LS A 17 , ón 17ú haois. Scríofa i nGaeilge ar pháipéar ag scríobhaí Brussels 20978-9 b'fhéidir i gCo. Fhear Manach sa bhliain 1618, tá aistriúchán Ghaelach de Pharsalia [An Cath Catharda] leis an scríbhneoir Rómhánaigh Lucan iniata. Cuid den Chnuasach Proinsiasaigh a bhí suite ar dtús i gColáiste na bProinsiasach, An Lováin; i gColáiste Naomh Isidore, An Róimh sa bhliain 1792; i Mainistir na bProinsiasach, Cé na gCeannaithe, Baile Átha Cliath sa bhliain 1872; i Leabharlann na bProinsiasach, Dún Mhuire, Cill Iníon Léinín, Co. Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1946 agus faoi dheireadh i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ó Samhain 2000 amach.