LS Bhreise 14 (Leabhar na nGeinealach)
TeidealLeabhar na nGeinealach
BailiúchánAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Suíomh FisiciúilBaile Átha Cliath, Éire
Marc SeilfLS Bhreise 14
TeangachaGaeilge; ga
Dáta cruthaithe1600-1699; 1649; 1650
Uimhriúviii Igh. + 930 pp. lgh.
ÁbharCraobhsgaoileadh
ÚinéireachtChuir an scoláire Connachtach, as Leacán, Co. Shligigh, Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c.1600-1671), a leabhar ollmhór, Leabhar Mór na nGenealach le chéile sa tSéipéal Coláisteach Naomh Nioclás, i lár chogaidh Chromaill sa bhliain 1649-50. Tá an obair seo aitheanta le fada mar an fhoinse is tábhachtaí ar an staidéar atá ag baint le stair craobh ghinealaigh na hÉireann, tá sí ríthábhachtach freisin do na staraithe atá ag déanamh staidéir ar Éirinn riomh an 17ú haois toisc go bhfuil sonraí ar shinsearacht go leor daoine mór le rá i stair na hÉireann iniata. Mharaigh fear áitiúil, Thomas Crofton a ainm, Mac Fhirbhisigh le scian i síbín gar leis an sráidbhaile An Scrín, Co. Shligigh. Dar le Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh – a thug Edward Lhuyd faoi deara – tugadh lámhscríbhiiní An Dubhaltaigh dá thiarna David O Dowd taréis a bháis. Bhí oibreacha ginealaigh An Dubhaltaigh i seilbh Henry MacCarrick, Sligeach, ceannaí agus scríobhaí páirtaimsire sa bhliain 1702. Bhí Leabhar na nGenealach ina sheilbh go dtí 1705, tháinig sí i seilbh Séamus Bacach Mág Uidhir, An Leargaidh (An Damhshraith-An Blaic, Co. an Chabháin) ina dhiaidh sin a rinne drochchóip di sa bhliain 1715 nó 1716 i Srath na Mart, Co. an Chabháin thiar-thuaidh (féach ar ARÉ LS C vi 2). Tháinig sí ar an bhfód ina ndiaidh sin i mBaile Átha Cliath, i seilbh John Conry, a scríobh sliochteachta asti ar 24 Iúil 1723. B'fhéidir go bhfuair sé í as leabharlann Thadhg O Rodaighe (Thady Roddy), Crossfield, Co. Liatroma. Díoladh í do Dr John Fergus (Eoin O Fearghusa), Sráid Jervis, Baile Átha Cliath sa bhliain 1731. I ndiaidh a bháis agus bás a mhac féin chuir iníon Dr.Fergus a bhí ina leabharlann mhór ar ceant sa teach sin acusan i Sraid na Mainistreach ar an 3ú Feabhra, 1766. Cheannaigh Robert Jocelyn (rinneadh An Chéad Iarla Roden dó sa bhliain 1771) Leabhar na nGenealach ar £7.1.0. D'fhan sí i dTeach Tollymore, An Caisleán Nua, Co. An Dún don chuid is mó den chéad agus leathchéad bliana ina ndiaidh sin, teach muintire Jocelyn, muintir le sinsearacht ón taobh baineannach a bhí i bpáirt de shliocht áitiúil Magennis. Bhain Charles O'Connor (1710–91, scoláire Gaeilge, ársaitheoir, agus gníomhaí ar son cúise na gCaitliceach ó Bhéal Átha na gCarr, Co. Ros Cománi) an-úsáid as an lámhscríbhinn le linn na tréimhse sin, gearradh 20 leathanach asti ag an am sin chomh maith agus luann O'Connor go bhfuil rún aige iad a thabhairt ar ais go Lord Jocelyn (1770í), bhain Thady Connellan úsáid asti sna 1830í, Seán Ó Donnabháin (leagan MacCarrick) agus Eoghan Ó Comhraí, a rinne tras-scríbhinn di idir Márta 1836 agus Feabhra 1837 (féach ar ARÉ LS 23 P 1). Bhí sí san áireamh nuair a dhíoladh rudaí a bhí ar an liosta chun dleachtanna báis a íoc tar éis bháis an séú Iarla, William Henry Jocelyn, sa bhliain 1911. Tharla an ceant i Sotheby's i Londain ar an 10ú Samhain 1911, agus cheannaigh An Dochtúir Michael F. Cox, dochtúir as Baile Átha Cliath an lámhscríbhinn ar £79.00. Fuair an Dochtúir Cox bás ar an 20ú Feabhra 1926, agus rinne a mhac, an dlíodóir mór le rá as Baile Átha Cliath Arthur Cox, maoirseacht ar thiomnacht a athar dar dáta 23ú Márta 1926 go mbeidh an lámhscríbhinn tugtha do Cholaiste Ollscoil Bhaile Átha Cliath "to be perpetually preserved in its library."
RaonGaillimh; Sligeach; An Cabhán; Baile Átha Cliath; Liatroim; An Dún
BunábharPáipéar
CeangailCeangailte i leathar dúghlas le bileoga ceangailte ildathacha ar tosach agus ar chúl.
ScríobhaitheMac Fhírbhisigh, Dubhaltach
PátrúinO Dowd, David, 1671; MacCarrick, Henry, Sligeach, 1705; Mág Uidhir, Séamus Bacach, 1715-16; Conry, John, 1723; O Rodaighe, Tadhg (Thady Roddy); Fergus, Dr John (Eoin O Fearghusa), 1731; Jocelyn, Robert, An Chéad Iarla Roden, 1766; Cox, Dr Michael F., 1911; An Coláiste Ollscoil Bhaile Átha Cliath, 1926
Toisí7" x 5.3"
Ar líne ó2005
Nótaíviii lgh. + 930 lgh. Lth. ii: Nóta ag Thaddeus Connellan ar ghinealaigh O Duggan. Lth.. iii: Tiomnú ó Arthur Cox, ceannasaí an chomhlachta árachais mór le rá as Baile Átha Cliath dar dáta 22 ú Márta 1926 “This volume was bequeathed by Doctor Michael Francis Cox of 26 Merrion Square Dublin Chairman of Convocation of the National University of Ireland who died on the 20th day of February to University College Dublin “ to be perpetually preserved in its library” “. Áirithe in dúch sa chúinne uachtarach amuigh. the top outside corner. Tá na leathanaigh a leanas caillte: lgh. 454, 455, 488, 511, 512, 581-588, 617-618, 684-687, 690-691, 770-773, 837-838, 849-852, 944-945. Tá na leathanaigh a leanas bán: lgh. 83, 150, 160, 184, 319, 337, 364, 365, 383, 429, 492(b), 569, 598, 659, 683, 745, 767, 798(b), 844, 848, 933, 943. Tá cuma scríbneoireachta ar chuid de na leathanaigh atá bán ach is é seo an dúch atá ag síleadh tríd an leathanach óh taobh eile (féach ar lth. 390 (a)). Lgh. 209-234: tá poll sa chúinne uachtarach. Lgh. 651-652: stróicthe.Is stiall de dhuilleog í Igh .517-18. Tá nóta i mBéarla ar lth. P492 (a)ar ghinelach muintreacha eagsúla: na Burkes, O’Bernes, Walshes, Joyces agus Lawlesses san áireamh. . Tá síniú Mhic Firbhisigh ar lth. 599 agus an bhliain 1649. Lth. 766: Tá nóta ó Mac Fhirbhisigh iniata: “Finis per me Dubhaltach mac Fhirbhisigh i ccolaiste na gaillime Dia . c . aois viii Augusti A. M. DC. XLIX deo gratias. Tá nóta i scríbhneoireacht dhifriúil ar Mhonarcacht na hÉireann inti freisin. Tá ginealach muintreacha Mhic Gearailt ó Chill Dara ar lgh. 787 agus 793; tá ginealach muintreacha De Búrca ar lgh. 798 (c) - 809; tá ginealach muintreacha MacDaibet ar lth. 808; tá ginealach muintreacha De Buitléir ar lth. 809 agus ar lgh. 811-823; tá ginealach muintreacha Giobúin ar lth. 810; tá ginealach muintreacha Bermingham ar lth. 823; tá ginealach muintreacha De Barra agus De Róiste ar lth. 825; tá ginealach muintreacha Puirséil agus Uinseannáin ar lth. 826; tá ginealach muintreacha Mac Oisdealbhaigh ar lth. 827; tá ginealach muintreacha Philips Jordan ar lth. 828; , tá ginealach muintreacha Dúdal, Burnwal, Uinseannáin agus Diolun ar lth. 829. Daoine mór le rá atá iniata iad Brian Boroimhe (obit.1014); Uilleac De Búrca, Marcas Chlann Riocaird (obit 1657); Séamus de Buitléir, Diúc de Urumhan (obit 1688); Somhairle Buidhe Mac Domhnaill (obit 1589); Randal MacDomhnaill, Marcas Aontroma (obit 1683); Garrett Og Mac Gearailt, Iarla Chill Dara (obit 1536); Diarmuid Mac Murchadha (obit 1171); Myler Magrath, Ardeaspaig Chaisil obit 1622), Murrough Ó Briain, Barún Inse Uí Chuinn (obit 1674); Feagh MacAodha O'Broin (obit 1597); Ruairí Ó Conchobhair (obit 1198); Aodh Rua Ó Domhnaill (obit 1602); Aodh Ó Neill,Iarla Thír Eoghain (obit 1616); Eoghan Rua Ó Néill (obit 1649), agus go leor, leor daoine eile. Is é An Cuimre ná giorrú ar Leabar na nGenealach. Faraor, tá an bunchóip caillte anois ach tá tras-scríbhinn i dtrí lámhscríbhinn neamhiomlán ón 18ú haois ar an bhfód; ARÉ LS 24 N 2; ARÉ LS 23 N 6 agus OMN LS MS B 8 (féach thuas).
CeartaCóipcheart ag Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; Iomhá Foinse ag Meamram Páipéar Ríomhaire, Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
CuntasIs lámhscríbhinn Gaelach í OMN LS ADD 14 ón 17ú haois. Scríofa ar pháipéar i nGaeilge ag Dubhaltach Mac Fhirbhisigh, an scríobhaí Éireannach mór le rá, staraí agus ginealeolaí i Séipéal Coláisteach Naomh Nioclás, Gaillimh i lár chogaidh Chromaill sa bhliain 1649-50 tá ginealaigh den Mhuintireacha is tábhachtaí in Éirinn ag an am sin iniata. Curtha le chéile ag Mac Fhirbhisigh bhí sí i seilbh go leor leor daoine le linn na 17ú agus 18ú aoiseanna sular thainig sí go dtí Leabharlann Ollscoile Bhaile Átha Cliath de thoradh tiomnachta ón lia Bhaile Átha Cliath, An Dochtúir Michael F. Cox sa bhliain 1926.
TagairtíÓ Muraíle (Nollaig): Leabhar mór na ngenealach : The great book of Irish genealogies, compiled (1645–66) by Dubhaltach Mac Fhirbhisigh/ eagraithe le haistriúchán agus innéacs ag Nollaig Ó Muraíle, Baile Átha Cliath: DeBúrca, 2003. Imleabhar. I [=LGen. I, 1-299]: Pre-Gaels; EarlyGaels; Northern and Southern Uí Néill; Connacht, xiv + 687 lgh. Imleabhar II [=LGen. I, 300-573]: Oriel; Galic Scotland; Leinster; East Ulster; Munster; Saints, 803 lgh. Imleabhar III [=LGen. I, 754-957; LGen. II, 1001-1422]: Kings, Vikings, Normans; ‘Index’; Dánta Topographical [Triallam timcheall na Fódla (598 ll.), le Seaán Ó Dubhagáin; Tuilleadh feasa ar Éirinnóigh (196qq.), le Giolla-na-Naomh Ó hUidhrín; Foras focal luaighthear libh (17 qq.) le Seaán Ó Dubhagáin]; Leabhar níos giorra de ginelaigh [=Cuimre na nGenealach].772lgh. Imleabhar. IV: Imleabhar Ginerálta [Concordance; Photographic reproductions of manuscript pages; Indexes; Addenda et corrigenda], xvi + 636. Imleabhar V: Index of personal names, xv + 681 lgh. Léirrmheas ag Tomás G.Ó Canann, in JRSAI 132(2002), lgh.127-136. Pádraig Ó Riain, in Ainm 10 (2009), lgh.125–132. Féach ar bill.celt.dias.ie; online indexes; manuscript repositories; UCD, Dublin chun leabharliosta litríocht thánaisteach eile den téacs atá sa lámhscríbhinn seo a fháil.
Fáiltímid roimh shonraí breise nó ceartúcháin ar bith a bhaineann le cur síos agus meiteashonraí na lámhscríbhinní. Déan teagmháil linn, le do thoil, le d’aiseolas.