TeidealAnnála Ríoghachta Éireann
BailiúchánAcadamh Ríoga na hÉireann
Suíomh FisiciúilBaile Átha Cliath, Éire
Marc SeilfARÉ LS 23 P 7; 688
TeangachaGaeilge; Laidin; ga; la
Dáta cruthaithe1632; 1633; 1634; 1635; 1636
Uimhriú293 fóilió
ÁbharAnnála; Seanchus
ÚinéireachtScríobh Mícheál Ó Cléirigh, Cú Coigcríche Ó Cléirigh, Conaire Ó Cléirigh LS 23 P 7. Bhí Fearghal Ó Gadhra (d’éag 1660), Cúil Ó bhFinn, Co. Sligigh mar phatrún ar thiomsú Annála Ríoghachta Éireann.
RaonDún na nGall, Co. Dhún na nGall
BunábharPáipéar
ScríobhaitheÓ Cléirigh Mícheál; Ó Cléirigh Cu Choigcríche; Ó Cléirigh Conaire
PátrúinÓ Gadhra Fearghal
Toisí9" × 6"
Ar líne ó2002
GaolmharARÉ LS 23 P 6; COBÁC OFM LS A 13
NótaíTá sé áitithe ag Nollaig Ó Muraíle (Celtica 19, lth, 75-95) gur aon lámhscríbhinn amháin í ARÉ LS 23 P 6 agus ARÉ LS 23 P 7 agus in éinneacht le COBÁC OFM LS A 13 is bailiúchán iomlán iad de Annála Ríoghachta Éireann i dhá imleabhar. Féach leis, P. A Breatnach, The Four Masters and Their Manuscripts; Studies in Palaeography and Text, (Baile Átha Cliath, 2013), lgh. 65-7
CeartaCóipcheart ag Acadamh Ríoga na hÉireann; Iomhá Foinse ag Meamram Páipéar Ríomhaire, Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
CuntasIs lámhscríbhinn ó láimh na n-údar í ARÉ LS 23 P 7 de Annála Ríoghachta Éireann ó 1500 go 1616 a scríobh Mícheál Ó Cléirigh, Cú Coigcríche Ó Cléirigh, Conaire Ó Cléirigh. Scríobhadh na hAnnála féin idir 1632-1636 i Mainistir na bProinsiasach i nDún na nGall agus tá seans ann gur chaith an lámhscríbhinn tréimhse i Louváin i ndiadh a scríofa. Is mar aon lámhscríbhinn amháin ar chóir breathnú ar ARÉ LS 23 P 6 agus ARÉ LS 23 P 7. Bhí 23 P 6/7 i seilbh Shéarlais Uí Chonchobhair Dhuinn faoin mbliain 1778 agus i seilbh William Burton Conyngham is Austin Cooper ina dhiaidh. Is ó Austin Cooper a bhfuair George Petrie an lámhscríbhinn i 1831 ar son an Acadaimh. Ní raibh ceangail ar bith uirthi insan mbliain sin is ceanglaíodh ina dhá imleabhar í go gairid iar dteacht don Acadamh di (féach, O'Donovan, AFM I, p. xi n)
TagairtíNollaig Ó Muraíle, 'The autograph manuscripts of the Annals of the Four Masters', Celtica 19 (1987), lgh. 75–95.; P. A Breatnach, The Four Masters and Their Manuscripts; Studies in Palaeography and Text, (Baile Átha Cliath, 2013), lgh. 65-7