Catalogue of Irish Manuscripts in Maynooth University
C 98
Faoi theannta de dhá stiall de chairtchlár, agus C 98 lasmuigh ar cheann acu, tá dhá fhillteán anseo, (a) agus (b), ina bhfuil iarlais lse.
SEANSTAIR NA RÓIMHE AGUS AN MHEÁNOIRTHIR
17ú-18ú haois (?). Páipéar. 11.5" x 7.5"; 34 lch, gan uimhriú go dtí gur uimhrigh an clárthóir go leanúnach anois iad. Is léir go bhfuil lgh ar iarraidh roimh lch 1, ó chorp na lse, agus óna deireadh (cf. thíos). Bhí na lgh go léir ar mhíghléas go dtí seo. Táid uile ar bogadh. Tá caitheamh ar na himill istigh ar gach duilleog; tá cuid díobh aneasnamhach agus a lán téacs ar iarraidh. Aistriú, nó saothar bunaithe ar údair dhifriúla Laidne agus Béarla atá anseo. Ní fios cé ghraif; b’fhéidir gur autograf atá anseo. Baineann an pheannaireacht le c. 1700. Tá roinnt ceartúchán ó láimh an ghraifneora féin.
1 . [Stair na Róimhe]. Lean. ar aghaidh, gan teideal reatha, an tosach ar iarraidh: catrach ⁊ do goireadh Róimh o Romulus di. Faguim ag ughdaraibh eile a [rádh] go cinnte cred an t-am no an saoghal a ndearnadh í, ach go n-abair Varro gurab isan gceathramhadh bliadhain don seisiodh Olympiad do cuireadh suas í. Bearna tar éis lch 4, agus arís tar éis lch 6. Tá an duilleog 5-6 stollta agus cuid den téacs caillte. Níl ach iarlais de 7-8 fágtha. Stad. (ag cur síos ar Chaesar ag filleadh ón mBreatain): ... a Francach no Gailiceach darb ainm Ambiorix tug Caesar [... ] asg ⁊ chuir fo smacht uile iad. Annsin do thug ruathar an/(8i.).
9 . [Stair an MheadhanOirthir]. Duilleog léi féin 9-10. Tos. [D]o bhrigh gur chuir na hAisírigh ⁊ na Babilonaigh go grod da eis sin cuing na Meudaib dhíobh. Stad. Do ghabh a mhac Soasdochim da ngoirionn an Scriptuir Naubuchadonesar an righe sin na Ninve. f.c. Is é. (10i.).
11 . Leantar ar aghaidh sa Tríú Caib. an leanbh marbh do chur ann a ionad. Do aontaoig Mitradates sin go fonnmur ⁊ ar mbeith don leanbh in aois dheich mbliadhan. Tos. Caib. nua ag 18i "An 4 Caib. ann a ttrachtar ar na hEasarlaighibh, ar Dharius mac Histaispeis ⁊ ar Exerxes.” Tos. Iar marbadh Chyruis mur dubhras thuas do chinn an mheid da shlóigh ler bhféidir imtheacht le luas a gcos. An-damáiste déanta do lgh 27-30. Tharlódh sé go bhfuil lgh caillte idir lch 26 agus lch 27. Lch 32m.: "Caib. 5 ann a gcurtar sios cuid do dhálaibh Artexerxéis agus do na righthibh tainicc ar a lorg go haimsir Alasdruinn uaibhrigh.” Tos. Tar eis báis Xerxes do ghabh a mhac .i. Artexerxes Longimanus no lamhfhada righe na Persia xxxx bliadhan. Tá lgh ar iarraidh idir lch 32 agus lch 33. Stad. do sgriobh moran leitreacha do chum Alexandair ag iarraidh síthe ⁊ cairdeas air ⁊ ag / (34i.).
SEANCHAS SCÉALTA
18ú haois. Páipéar. c. 10" x 7.2." Dhá dhuilleog cláir (uimhrithe 1-4 anois) + lgh 163-’6, 173-196, 201-312, den Is lena mbaineann 23 Q 4 chomh maith (cf. RIA Cat. lgh 1295-7), b'fhéidir. Tá na duilleoga uile ar bogadh, agus caitheamh ar an gciumhais istigh agus laistíos; na 4 duilleoga tosaigh, agus an dá dhuilleog thiar an-scáinte, caite. Téacs in easnamh (ón íochtar go speisialta) thall is abhus agus go háirithe ó na lgh ar a bhfuil breis caitheamh. Luann E Ó Comhraí 1729 (cf. ib. 1295) mar dháta le 23 Q 4, ach tá dáta níos luaithe anseo .i. 1714. Diarmaid Ó Conchubhair a scríobh (cf. 252i.). B’fhéidir go bhfuil sé le léamh ar an nóta 226m. gur do na Nihils a scríobh sé. Beagán nótaí ó léitheoirí etc. thall is abhus. Ainm "Hugh Sheridan'’ 3 marg. sup. Tá an t-uimhriú bunaidh inléite ar a lán lch. Tá uimhir an lgh curtha isteach i bpeann luaidhe mar áis ag an gclárthóir i gcúpla áit. An t-iomlán fillte i bpáipéar bog toisc a leochailí atá sé; é ansin istigh i bhfillteán.
1 . “Clár an L[eabhair].” Ina dhá cholúin. Tos. An chéad aois den domhan. An dara haois. An treas haois. Insint den Leabhar Muimhneach a tháinig ar dtús. Tá liosta de na ginealaigh lgh 2, 3, 4bm. ag críoch. le “G. hÍ Cobhthaigh agus Aillin ⁊ hÍ Laoghaire" (=Leabhar Muimhneach lch 283). Leantar den Chlár: "Leabhar Gabhála” gona fhoranna; ansin: "Na Ríghthe bhí air Éirinn ... A Eolach Éireann Aoírde. Do Righthibh Múmhan . . . Leabhar Oiris is Análacha. Cath Chlúan Tarbh, Cath Muighe Guillídhe. An Le[abhar Ultach ?].' Ní thugtar uimhir na lch sa Chlár. Stad. 4bi.
163 -166 . Blodh de na Ginealaigh. Teideal reatha "Craobhsgaoileadh Sleachta Eireamhoin mac Mile’' (cf. RIA Cat. lch 1297). Tugtar deireadh “Sliocht Chathaoir Mhóir.” Lean. “Sliocht Chonuill Chreamthuine ...", “Sliocht Fiachraigh mac Neill Naoí Ghialluig,” “Geinealach Mhéigeochagáin” (lch 164). “Sliocht na cCola” (165m.). “Geinealach Í Fhailbhe” (166a i.). “Geinealach hÍ Chuirc, Muscroidhe Chuirc.” Íochtar na lch stollta.
173 . Tosach ornáideach. “Incipit GABHALA ÉIRIONN ría ndílinnd agus air ndílind amhuil adfeith Cinn Droma Sneachtaig, agus Leabhar na hUidhre sceo an tSailtér Chaisill, agus Leabhar Ard Macha agus iomad seanúghdar oile, nach airmhíthar annso dar craobhsgaoile agus do thriuchaibh Éirionn etc.” Tos. As iad iad so suím na ngabala ceadamhus eodhon air ttúis. Gabail Cheasra ceduis ría ndílin. Gabhail Phartholáin. Lch 195 (ag deireadh “Gabhail Tuatha D.D.”) tugtar, i litreacha móra, le gluaiseanna idir na línte: Eire go n-uaill go ndioruibh. 12½ r. den dán le “Eochaidh Úa Floind.” Tá lgh 197-200 ar iarraidh; tosach Gabháil Chlanna Míle, caillte dá bharrsan. (Nóta ó l.d. “Bounty (?) compleat and Majesty Devine addore thy”, 188 marg. sin.)
219 . REIM RIOGHUÍDHE “an uimhir do ghabh ardfhlathas Eirionn do Chlanaibh Mile o Eireamhóin go flathas Bhrian Bhrían Bhóirmhe agus faid a bhflathasa do reir an Leabhair Ghabhla agus Phsalter na Ríog.” Tos. Eodhan Eimhir ⁊ Eireamhoin . . .I. Fo-ranna: “Do Riogaibh Eirionn ... air cCreidiomh” (lch 223), “Do Riogaibh go Freasabhra” (lch 225). Suimiú na mblian (2542) agus na rígh (137) ag l.d. (225m.).
225 m. gana. A eolach Eirionn airde. 14 r.
226 m. Nóta (dá phátrún): “Adeirid drung le Seanchus gurab ó Lughaidh mac Neill Glunmhir do shliocht Neill Naoíghiallaigh do thainuig muinter Níthel an gach ait da bhfuillid agus gurab ó agallamh draoí do thaining an focal nihil. Ansan aimser da ttainig an Lughaidh ceadna so le coga mór don Mhúmhain go ndearnug se féin agus Dail gCais síthcháin lena chéile ionus nar bhúaidh ⁊ nar chail aoiní dha thaisdiol gur de sin adúbhairt an file nihil níor bhuaidh ⁊ nihil nior chail gur de sin do lean Nihills mar ainim ortha an gach ait da bhfuiled etc."
227 . “Do na righthibh do ghabh an Mhumhain . . .” “Finis” (230m.). Scribleáil etc. ina dhiaidh; dáta: “June the 14th 1774” l.d. (230i.).
231 . LEABHAR OIRIS “agus anala ar chogaibh Eirionn anso, agus tionsgnadh agus craobhsgaoileadh air Chath Chlúana Tarbh agus ar na laochaibh do thuit ann etc. ” Tos. Callan anso Anno Domini se blígheana seachtmhodh ar naoi cceadaibh. Maollseachluin mac Domhnaill do ghabhail Eireann ’na righe. Críoch. Agus morán eile leo ionus gurab é sin búadhribh Gaodhil seal etc. (245m.=Ériu i 104 n. 4).
245 . "Incipit LEABHAR NA gCEART ineósas do chíosaibh Chaisill is Éirionn amhuil do orduigh Beanan mic Seascnain Salmceatlach Pháttruig amhuil adfeith Eodhan (sic) Glean Da Loch ...” Tos. Do dhlithibh cirt Chaisill ⁊ da chíosaibh ⁊ da cháinuibh anso agus do thuarusdal rígh Múmhan. Cuimre BR2 1-626, le beagán eile seanchais (251m.-252m.). Colafan: "Finis le seanchus agus le fíorthuairisg na hÉirionn anso le Diarmuid O Concubhair anno Christi mile seacht [gcéad] ⁊ 14 bliadhna deag.” Figiúirí freisin (252i.).
[253] . CATH MUIGHE MOCRUIMHE. Faoin teideal: "Don mhór cath ata ainmnighthe a ttús an leabhair so, mar ar thuit Oilioll Olum, eodhon Cath Muighe Muchruime.” Tos. Ardrighe crodha cruthniamhach calma céillbhidh reáthach roghabusdar ceannus Eirionn gan uireasbaidh .i. Art. . . Aonfhir. Colafan : "Ionus gurab éa sin deire an chatha airna sgriobh le Diarmuid O Conchubhair, mile etc. Finis” (286i.). Nóta: "By the order of the Justice of the Assizes for the Connaught circuit” (258 marg. sin.).
[287] . BRISLEACH MUIGHE MUIRTHEIMHNE AGUS DEARGRUATHAR CHONUILL CHEARNAIGH faoin teideal "Do Thúairisg Bhreaslacha Muigh Muchruime no do Dhearg-Ruathar Connuill Chearna mar ar thuit Cu Chuluinn na ngnaoimh.” Tos. Feacht da ttangadar Ulaidh ga hEamhuin mhínaluin Mhacha go subhach somheanmnach tainig Cu Chuluinn ga Dun Dealgain. A lán den téacs caillte ó lgh 309-312 atá an-chaite. Stad. [312i.] tar éis cur síos ar bhás Chú Chulainn. An chuid eile ar iarraidh.