ISOS logo
ga

LS CF 9

'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'

Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]

CF 9

RÉIM RÍORA AGUS CAITHRÉIM DÁL gCAIS : DÍOSCÁN

ANNÁLACHA : SEANCHAS GEARALTACH : GINEALAIGH

19ú haois. 9.8" × 7.5". ii + 478 lch, uimhrithe 1-479 mar go ndeachthas de léim ó 51 go 53. Eadhmon Ua Mathghamhna a scríobh i gCorcaigh in 1842 don Athair Muiris Cinnefeic; (cf. 473i.). Cóip atá anseo d’ábhar a bhí i lámhscríbhinn leis an Ath. Seán Ó Conaire; tá a lán den ábhar seo in RIA 24 C 5 a scríobh sé an bhliain chéanna (cf. RIA Cat. 1885-8). An leabhar seo ceangailte go stóinsithe ar aon dul le CF 1. ‘Manuscript. Vol IX’ in órlitreacha ar a chúl, agus a uimhir ‘9’ greamaithe de.

i . I bpeann luaidhe: ‘Caithreim Dalgais and Genealogies.’

ii . Lch teidil: RÉIMRIOGHRA ET CAITHRÉIM AN DAL cCAIS ‘ó Mhoghnuagat síos go Brian Borúmha mac Cinnéide’. ‘Eochaidh Ó Floinn air theacht Tuatha Deadanan cct. vixit regno agus air theacht Fear Bolg etc. Fianachta fleadhach. 689 Christi.’

1 . Tos. le rann. Cheithre hanmona gan bhrón. Lean. prós: Eogan a ainm ó thuistithibh .i. ó ghein mhaith agus is de atá Eogh[an]acht do thoradh na mbeannacht tug siad fir Eirionn air. Prós agus filíocht. Críoch. le dán: Caogad airdrigh air dí céadaibh. 4 r. ‘Chriochnuigheas anso Caithréim Dail cCais’ (45i.).

45 i. Eochaidh Ó Floinn. Gaoidhil Glas ó ttáid Gaoidhil. 7 r.

47 . ‘ANALAC INNIS FAITHLOINN.’ Tos. An. 250. Iar ttuitim Airt meic Coinn etc. dá bhliaghain deag do réir leabhair Chluana Mic Nois: 254. gabhas Cormac etc., et Leabhar Leacan. Críoch. (faoin mbliain 1320): Cormac mac Eoghain mic Dhómhnaill Ghlais . . . Mhic Cairthe do theacht airna maireach dá bhfurtacht . . . go rug leis an bhuídhion ró bhí a tteannta san Chaislean tar n-ais dá ttiribh fein. ‘Inissfallen to this’ (206i.).

207 . Faoin teideal ‘Tigernachis Continuator’ annála arís. Tos. 1303. An t-iarla et Goill agus Gaoidhil iomdha do dul a hEirinn. Cabhlach mór agus neart Albannach. Stad. faoin mbliain 1407: Cogadh mór a cConnachta idir na riogaibh sin. ‘All Tigernach’s Continuator and finishes’ (228m.).

229 . Blodh d’Annála. Tos. 976. Donchadh mac Ceallaigh rí Osruighe obit. Sgrinn Choluim Cille d’arguin do Don mac Murchadh. Ugaire mac Thuathail rí Laighean do ghabhail do Gallaibh Aith Cliath. Bearnaí móra e.g. téann siad ó 1332 go 1487 (lch 244). Críoch. faoin mbliain 1558: larla Sussex ag teacht lena uile chathaibh ag cúghnamh le Conchubhar Ó Briain an aighidh Dhomhnaill agus ag buain bailthe agus caislean Tuadhmhumhan de.

246 . Annála, 436 A.U.C. -627A.D. Tos. Arideus frater Alex. Magni occisus est in Olym. cxv et an. urb. condita 436. Stad. 623 Bas Adamnamh Abb Aoi. 624. Heracleus crucem exaltad anno 628. Anus tenebrosus ; finis (278i.).

280 - 295 - 279 (as ord). Inneács de thaoisigh na tíre ‘As an duain darb tosach Triallaim tiomcheall na Fodla’. Tos. 6. Airdrigh Eirionn san Midhe .i. Ó Maoleachluinn. Stad. 407. Air Chrioch ó cCarn Ó Meachair Bearnáin Éile. ‘Ní bhfuaras níos mó don choip sin’ (279i.).

296 . Liosta ríthe. Tos. Ó Conchubhair righ Connacht. Críoch. Ó hAodha righ Chloinne Cosgaraig (300m.). Nóta ina dhiaidh: ‘Tuig gurab as na leabharaibh ársa do ngoirthear Leabhar Tiagharnach airchineach Chluana mac Nóis noch d’eag Anno— Agus an Leabhar Augustin Magradoigh do sgriobh ón mbliaghain cheadhna sin gus an bliagain 1—mar aon leis an leabhar Chronicon Scotorum de tharangadh na hainma rioghda reamh- ráidhte mar aon leis na fearannaibh rioghthamhla d’áitighiodar tre dhlighe et cirte a n-atharda’ (300m.).

301 . gana. Eolcha an domhain duanaicc. 25 r.

303 . Tórna Ó Maolchonaire. Lubhghort chumhra Clann Uilliam. 40 r. ‘Duain tsenchasa na mBurcach’.

307 . Murchadh Ó Dala. Canfuighear liom lorg na bhfear. 95 r.

316 . Tadhg Dall Ó hUigin. An áil libh seanachas sil cCéin. 64 r.

322 . Tadhg mac Dáire. Cionnas frioth fearann Luighne ? 61 r.

327 . Cú Ula Ó Dála .i. ‘An chéad duine do Shíol nDála do thainig don Mhumhain’. Ga mhéad gabhail fuair Éire ? 37 r.

331 . Eoghan Mac Craith. Tug damh haire, a Innse an Laoigh. 71 r. ‘Agalladh an fhile ris an mur mar leanas.’

337 . Tuileagna h Maolchonaire. Maith bhur bfior chatha a clann Rógh. 26 r.

340 m. Domhnal h Maolchonaire. Port oireachais Ara Cliach. 64 r.

346 m idem. Uaigneach sin, a Chinn Choradh. 24 r.

349 . DO SHEANCHAS GEARALTACH .i. ‘Iarlaoi Deasmumhan le Torna Ó Maolchonaire: ó theacht Mhuiris Mhic Gearailt air ttúis go haimsir Sheamais mac Gearóid an Dána .i. an tlarla deighionach.’ Tos. Muiris Mac Gearailt an céad duine táinig go hEireinn díobh agus iar bhfágbháil Locha Garman, criche gCullang, agus Chóige Laighean.

355 . Ginealas. Príomhranna: ‘Craobhsgaoil na nGearalthach’; ‘Geinealach Thiarna na Claonghlaise’ (356m.); ‘Geinealach Ridire an Ghleanna’ (lch 357); ‘Geinealach an Iarla Barach’ (lch 359); ‘Geinealach Iarladh Urmhumhan’ (359i.); ‘Geinealach Iarladh Cille Dara ’(360m.).

368 . ‘Geinealach an Tiarna Róisteach’; ‘Geinealach Iarla Barracha Móra agus Viscount Buttevant, agus Barún Barryscourt’ (370i.).

373 . ‘Geinealach Iarla Clainne Riocaird agus Barúin Dunceillinn a cContae na Gaillimhe’.

376 . ‘Geinealach an Bhuitlearaigh .i. Iarla Arainn a cConntae na Gaillimhe, Bícon Tullaigh a cContae Chatharla, Barún Chloiche Greanáin a cContae an Bhainrighin’.

384 . ‘Geinealach an Bhuithlearaig .i. Bicon Motagairet a cConntae Locha Garman, agus Barún Kells a cConntae Chille Cainne, et fuair sé an gairm sin ón righ Éadbhard VI Anno 1550. M. depressis extollor’.

386 . ‘Geinealach an Bhuithléaraigh .i. Bicon Í Ceirín a cConntae Thiobaradáran anno 1629 Car. i. agus barún Lios Muillin san chontae cheadna anno 1607 Iac. i. M. Soyez ferme’.

387 i. ‘Geinealach an Bhuithlearaigh .i. Bicon Lanesborough . . .'

388 i. ‘Geinealach an Bhuithlearaigh .i. Barún na Catharach a cConntae Thiobaradáran . . .’

390 . ‘Armus Síol mBriain’; ‘Armas Clann Carrtha’, ‘Armas Ardeascop Chaisil’.

392 . ‘Do Chraobhsgaoile Sleachta Eogain Mhoir mac Oilliololuim’.

396 i. ‘Do Chraobhsgaoileadh Sleachta Chuirc mhic Lughaidh’.

402 . ‘Do Chraobhsgaoile Shleachta Failbhe Floinn . . .’.

402 m. ‘Do craobhsgaoile Shleachta Shaorbhreathaicc mhic Donnchadh mhic Ceallacháin Chaisil’.

404 . Ar Shíol Eidirsceoil agus Deoise Rois. Tos. Trí treabha de Shiol Eidirsgeoil .i. h Eidirsgeoil mór. Cuid den ábhar i mBéarla.

406 . ‘Do Shuim Tiagharnais Mheic na Mara .i. Mac Con mac Conmheadha . . . de réir fhiaghnaise mhaoir muintire Rodáin et Marasgáil na tíre . . .’

409 . ‘Sochar Chloinne Mhaolruana amhail adeir Leabhar Ruadh Mhoiling, Saltar Chaisil agus Leabhar Mílicc’.

410 m. ‘Conmhaicne Cúile’.

412 . [Sleachta Éireann]. Tos. Eoghanacht Chaisil no Magh Feimin, an tír ó Chaisiol go Cluain Meala.

416 . ‘Geinealach Mhic Gormain Anno 1721 as leabhar Aindrias Mhic Cuirtín’.

418 . ‘Blodh do Sheanchas Síl mBriain a ttosach an Leabhair Iris Chloinne h Mhaolchonaire’.

420 . Mac Feargail. Tuilla feasa ar Eirinn óig. 1691¼ r. gan a bheith iomlán.

437 . ‘Ag so anmanna na righthe agus na ttaoiseach do bhí for mórán áitibh an Éirinn; arna gcruinniughadh as análaibh Tighearnach . . . ⁊ as seandálaibh Augustin Magradoigh canonach Oileán na Naomh fór Sionuinn . . . d’eag san bhliadhan 1405’. Tos. Ó Briain ardrigh Tuadhmumha. Leantar le cur síos ar larlaí Tuadhmhumhan lgh 442-4.

444 i. ‘Do Shliocht Dhonchadha Ma Cáirthe’.

446 i. ‘Geinealach Bhicon Kingsland . . .’

449 . ‘Naonbar Naomh Síol Connaire’ le dán.

450 . ‘Do Shliocht Taidhg Glae’; ‘Geinealach an Aithir Seaghain h Bhriain’ ina lár (450m.).

456 . ‘Blogh do Sheanchas Búrcach anso amhail do fuaras a leabhar Iris Chloinne h Mhaolchonaire é’.

462 . ‘Do Shliocht Cille Cránait .i. do Shiol Ceallacháin .i. do threibh Siobháin Ní Domhnaill seanmhathair larladh Leasa Móire, amhail do innis bean uasal don treibh cheanna dhamh é’ (dáta 1762 sa chuntas). ‘Craobhsgaoile Laighnec ó Laoghaire Lorc’. ‘Geinealach an Chaomhánaigh.’ ‘Geinealach Mheic Giolla Pattraig Osruidhe’ (465m.).

467 . ‘Craobhsgaoileadh sleachta Chéin mhic Oilliololuim’.

467 m. ‘Geinealach Í Ogain Arda Croine’.

467 i. gana. Maighneis fá ndearnaidis danacht. 4 r.

468 m. ‘Brian Óg Mac Suibhne do Shíle Ní Bhriain . . .'. Siud í an ten Síle an lúibín mhín mhaordha. 2 v.

468 i. ‘Do shliocht Taidhg Glé anso .i. Geinealach Sheaghain Uí Bhriain na cCluainte’.

469 i. ‘Blogh do Chraobhsgaoile Flanagánach iarna chur an eagar le Conchubhar h Luinin Ollam mac Guibhir agus Cúchosgraidh h Cléire ollamh Uí Dhomhnuill.’ ‘Geinealach Coloneil Seaghan h Fhlanagain.’

470 i. ‘Geinealach UÍ Chonchubhair Chiaruidhe’.

472 . ‘Geinealach Mheic Aongusa .i. Tiarna Aoibh Eachach’.

473 . ‘Geinealach Í Chonchubhair Chorcamruadh’. Colafan: ‘larna sgriobhadh as laimhsgribhinne an Athar Seaghain h Conaire chuim usaide an Athar Muiris Cinnefeic, sagart diadha deagh-shompulach atá onois a bpuróiste an Teampuill Ghil, san mbliadhain d’aois an Tiagharna Iosa Criosd mdcccxxxxii le Eadhmon Úa Mathghamhna, a cCorcad mhóir Múmhan’ (473i.).

474 -8 ‘Clár an Leabhair seo’.