ISOS logo
ga

LS CF 8

'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'

Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]

CF 8

SCÉALTA RÓMÁNSACHA : FILÍOCHT

19ú haois. 9.3" × 7.5". iv + 184 lch, uimhrithe 1-185, ach gan 37 san uimhriú. Duilleoga bána ceangail chun tosaigh agus laistiar. Pól Ó Longáin a scríobh don Athair Muiris Cinnefic in 1842 (cf. 185i.). Í seo ceangailte ar aon dul le CF 1. Ar a cúl thiar tá: ‘Manuscript Vol VIII' in órlitreacha, agus a huimhir greamaithe de.

i -iii . Clár.

iv . Bán.

1 . EACHTRA AN MHADRA MHAOIL. Tos. Sealg fiadhach agus fianchosguirt do comóradh le righ Artúir mac Ambrois san bhForaois mBaoghuill. Críoch. do gairmeadh Rígh d’Allustrom Iongantach, agus do dhaingnidh Ridire an Lóchrainn síth agus páirt leis go bhfuair bás. Críoch (46m.). Bán ina dhiaidh go lch 49.

50 . EACHTRA IOLANN IOLCHRÓDA ‘mac ríogh na hEasbáinne’. Tos. Rígh rathmhar réimdhíreach cródha, cosgarthach, cathbhuadhach, clainnlíonmhar, . . . do ghaibh flathus agus forlámhas . . . air Éire . . . dárab cómhainim Cormac mac Airt. Críoch. do thuit. . . lolann lolchródha . . . le lámh láidir láineachtach Uisguir mac Oisín mhic Fhinn mhic Cúmhail mhic Tréinmhóir Uí Bhaoísgine. Críoch (lch 69).

70 . EACHTRA GHIOLLA AN AMARÁIN faoin teideal ‘Eachtra Dhonchadh Mhic na Mara’. [D]o riarfuinn sgeol dom chómharsa air aoínídh. 388 1. ina véarsaí.

87 . Gearróid Nuinsiond. Diombuadh triall ó thulchaibh Fáil. 7 r. ‘Air bhfagbháil Éiriond’.

88 . Seagan Ó Coileáin. Oidhche dham go doilg dúbhach. 20 r. ‘Machtnamh an Duine Dhoilíghiosaig’.

90 . ‘Uaillchumhadh na nGáedhal’. Brónach fuireann críche Chuinn. 8 r.

91 . Fear Flatha Ó Gníomha. Mo thruagh mar táid Gaoidhil. 24 r. ‘Air chéim síos na nGaodhal’.

93 m. Tórna Éigeas. Mo dhá dhaltán nírsad lium. 13 r. ‘Ag caoine a dhaltaoí Corc agus Niall. 423’.

94 m. Dallan Forgaill. Aodh suithchearn seal séigh. 4 r. ‘Do Aodh mac Duach. 580’.

95 . idem. Duibhghiolla do mhaise, eó fraise. ‘Do Dhuibhghiolla, sgiath Áodh’.

95 m. ‘Triamhuin Seanacháin os cionn cuirp mairbh Dhallainn’. lonmhuin a chorp turcair áin. 5 r.

96 . Mac Liag. A Chinn Chorraidh, caidhi Briain ? 11 r. ‘Ceann Corraidh’.

97 m. ‘Ong-chuimhniúghadh Mhic Liaig air Brian agus a mhaithaibh’. Uathmhar an oídhche anocht. 11 r.

98 m. Mac Liaig. Fada a bheith gan áoibhneas. 5 r. ‘Air Bhrian Bóroímhe’.

99 . Dochtúir Céitinn. Mo bheanacht leat, a sgríbhinn. 6 r. ‘Ro chan ag cur slán le hÉirinn agus é san bhFraingc’.

99 i. Caoílte. Is aoibhinn bheith a mBeinn Éadair. 5 r. ‘Do Bhinn Éadair.’

100 m. Áongus mac Doighrí Uí Dhálaig. Dia libh, a laochraidh Gaoídhiol. 15 r.

102 . Seághan mac Tórna Ó Maolchonaire. Fuair Bréifne a díol do shaoghlonn. 34 r. ‘Do Bhrian Ó Ruairc’.

105 . Flann Fionn. ‘685’. Ro dheat an Inis Fínn Fáil. 15 r.

106 i. Dochtúir Céitín. Cia an saoi le séintear an chruit ? 8 r. + 1 v. ‘An Ceangal’.

108 . Oisín. A Bhinn Bhoilbin, is dúbhach andiu. 9 r. ‘Láoi Bhin Bhoilbin’.

109 . AN SÍOGUÍDHE RÓMHÁNACH. Innsim fios as ní fios bréige. 79 + 1 v. ‘An Ceangal’.

112 . ‘Sgiathlúithrioch Cholluim Cille’. Tos. Aingil Dé dhom dhíon. 34 r.

125 -143 . ‘Dánta Diadha’ mar theideal reatha.

125 . gana. A Íosa, a Spioraid Naoimh, is 'Athair is 'Uain. 2 v.

125 m. gana. Dia do bheatha, a Mic Muire. 6 r.

126 . gana. A cholann chugad an bás. 19 r.

127 m. gana. Caoineam, a chuirp, Dia na ndul. 4 r.

128 . gana. Fuarus trí tiodhlaice, ó Dhia. 5 r.

128 m. gana. Minic mé, a mhic ar seathar. 18 r.

130 . gana. Sguir dod shuirghe lean dod leas. 9 r.

130 i. ‘Fáilte Mhuire’. Dia do bheatha, a Mhuire mhór. 15 r.

132 . Ciarán. Sagart do bhí feacht éile. 9 r.

133 . gana. A fhir na heagna d’iaraidh. 5 r.

133 m. gana. Fuarus miann on fuarus miann. 6 r.

134 . ‘Huimn Pháttruicc’. Cluintear sonn feacht fial Eithne.

135 m. ‘Dies Irae a nGaoídheilge’. Beidh Iá díoghaltais díodh ar feadh an tsáoghail. 18 v.

138 m. ‘Aithríghe rin file éigin’. Fíll, a pheacaidh, ná leanaidh an réim sin fúibh. 6 v.

139 i. Ó Dála Fionn. Lámh neartmhar na ttoirbheart ttrom. 6 r.

140 . idem. [B]eag gach peannuid go bás Dé. 8 r.

141 . idem. Ní maith do mhalairt, a Iúdáis. 16 r.

142 m. gana. Fochta m’anma ag dul a ndlús. 4 r.

142 i. idem. Na sé rainnsi don Ríoghain. 4 r. gan a bheith iomlán. 143-5 bán ina dhiaidh.

146 . An t-ábhar ina dhá cholún as seo ar aghaidh.

146 . Caoilte mac Ronáin. Dursan tuitim an t-eó oir. 36 r. ‘Caithréim Fhinn mhic Cúmhuil’.

149 m. Oisín mac Finn. Feis árdaisge Tígh Teamhrach. 31 r. ‘Laoí an Duirnn’.

152 . Oisín. Leacht Ghoill do chrádhaigh mo chroidhe. 32 r. ‘Cómhrac Mhaoghnuis mac Rígh Lochlonn ris an bhFéin’.

155 . Oisín mac Finn. Lá dá raibhsam a nDún Baoí. 39 r. ‘Teacht Laighne Mhóir air an bhFéind’.

159 . Oisín mac Fhinn. Atá sgéal beag agam air Fhionn. 40 r. ‘Cómhrac na Féinne agus mac rígh na Sorcha mar gheall air inghíon rígh Thíre Fé Thuínn’.

162 m. Oisín. Cnoc an Áir, an cnoc so shiar. 18 r. ‘Laoi Chnuic an Áir’.

164 m. Oisín mac Finn. A chléirigh úd chanus an tpsailm. 39 r. ‘Laoí Mháoghnuis mac rígh Lochlonn’.

167 i. idem. D’aithreosainn caithreim an fhir mhóir. 59 r. ‘Laoi an Deirg’.

172 m. idem. Eistig, a uaisle bhfear bhFáil. 62 v. ‘Seilg Sléibhe Grot’.

178 . Tadhg mac Dáire Mac Bruaidin. Mor atá air teagasc flatha. 55 r. ‘Teagasc Flatha’.

182 m. Collum Cille. Ceileabhradh uaimse d’Áruinn. 18 r.

183 m. Feidhlime Mac Cártha. Caoinfead féin má thig liom. 30 r. ‘A’ caoíne a cloinne’.

185 i. Colafan: ‘Iarna sgriobhadh le Pól Ó Longáin don Athair Muirghis Cinnefeic 1842’.