'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'
Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]
CF 12
AURAICEACHT NA nÉIGEAS
19ú haois. 10" X 7.6". 112 lch uimhrithe go leanúnach, le duilleoga bána ceangail chun tosaigh agus laistiar. Níl ainm scríobhaí, log ná dáta léi, ach tá ‘1848’ sa mharc uisce. Seosamh Ó Longáin, a scríobh de réir na peannaireachta, agus don Athair Muiris Ciniféic, is dócha.
Í seo ceangailte go stóinsithe dála CF 1. ‘Manuscript. Vol XII' in órlitreacha ar a cúl, agus a huimhir ‘12’ greamaithe di.
1 . ARAICEACHT. Tos. Incipit auraicept na nEigeas .i. eraicept airear gach toiseac cid dian toiseach so. ni don tebi ro teibed insin Gaeidilg. Críoch. an chéad roinn: forus ocus ferr a fhis ise techta insin ar ni maith in t-anfis. Finit. Amen (lch 45).
45 m. ‘Incipit do Leabur Feirceirtne’. Tos. Locc don leabursa Emain Macha, teampus Concobar mic Neasa, persa Ferceirtne fili, tucait a denma do breith aesa faind ocus borb for ses. Críoch. is inunn a tuaruscbail ocus a inchosc is inunn a thustiud ocus a selbad. Finit. Amen (=Auraic. 1892) (112i.).