ISOS logo
ga

Séathrún Céitinn

De bhunadh Sean-Ghall do Shéathrún Céitinn. Saolaíodh i bparóiste na Tiobraide i nDeisceart Tiobraid Árann é thart ar 1570, agus is ann a fuair sé bás i lár an tseachtú haois déag. Chuaigh le sagartóireacht agus deirtear gur dhein sé tamall léinn i mBordeaux na Fraince. Bhain sé céim dhochtúireachta amach sa diadhacht agus d'fhill abhaile chun freastal ina dheoiseas dúchais, Port Láirge agus Lios Mór. Seanmóin a thug sé inar thrácht ar mhímhóráltacht a chuir olc ar bhean uasal sa cheantar. Bhí ar an gCéitinneach dul ar a choimeád ar fuaid na tíre dá bharr, agus ar a chamchuaird dó is amhlaidh a thosnaigh ag bailiú eolais agus ag breithniú foinsí i gcomhair stair na hÉireann, stair a scríobh sé ar ball agus ar thug sé Forus Feasa ar Éirinn uirthi. Scríobh saothair dhiadhachta leis, Eochairsciath an Aifrinn agus  Trí biorghaoithe an bháis, agus roinnt mhaith déantúisí filíochta. Níor foilsíodh aon saothar acu sin i gcló le linn a shaoil, rud nárbh annamh maidir le scríobhnóirí na Gaeilge de, ach bhí an-éileamh orthu ag na scríobhaithe. Tá séipéal na Tiobraide ina fhothrach anois ach tá le feiscint fós ina bhinn leac dár dáta 1644 ina n-iarrtar paidir ar son Séathrúin agus a charad Eoghan Ó Dubhthaigh, sagart agus file.

Image of church ruins