ISOS logo
ga

LS 4

LS 4

FORAS FEASA AR ÉIRINN: NÓTAÍ

19ú haois. Páipéar. 33 × 21 cm (ach [134i]–[134ii], 23 × 19 cm; [119a]–[120a], 10 × 10 cm). Lgh ii + 362, fara dhá lch ceangail ag an tosach agus dhá cheann eile ag an deireadh. An lámhscríbhinn i ndá chuid le lgh bhána idir eatarthu agus ag an deireadh (féach an clár). Na lgh uimhrithe mar seo ag an scríobhaí: 1–196 agus 1–118 (1[a]–[160a] ar an dara sraith acu sa chlár). Scríobhaí: P(ádruig) (Ua) O’C(earmoda) (lgh 121, [134i], 196, 116[a], 117[a]), ‘a b-parráisde Cillrosantaigh (a g-contaé Phortláirge)’ (lgh 196, 117[a]), 1893 (lgh [i], 196) agus 1894 (lgh 116[a], 117[a]). Bá é M(ichael) B(eary) (lgh [197], [119a], [121a], [123a]), ‘late B[orough] Surveyor Dungarvan [Co. Phort Láirge]’ (lch [121a]), 1911 (lgh [121a], [123a]), a scríobh na nótaí ar lgh [197], [119a], [121a]–[123a] chomh maith le dornán nótaí eile (i mBéarla) ar na him. agus idir na línte tríd síos.

Clúdach cruaidh liathdhubh le droim agus cúinní le leathar dubh, agus ornádaíocht ar an droim. ‘KEATING’S / HISTORY / OF / IRELAND’ ar an droim. ‘N. Harvey & Co., / Binders, / Waterford’ stampaithe ar an gcéad lch ceangail. Na lgh réamhlínithe go meicniúil. Ríalú déanta (le peann luaidhe) ar na him. inmheánacha agus sheachtracha ag an scríobhaí: lgh [i], 1–196, 1[a]–117[a], [156a]. Dátaí de réir ‘A[nno] M[undi]’ ar na him. tríd síos. Focail cheangail: passim. Teidil reatha: passim. Mórán leasuithe agus nótaí (ceann amháin díobh i mBéarla ar lch 32[a]) i láimh an scríobhaí – maille le dornán nótaí i láimh Michael Beary (réamhluaite) – ar na him. agus idir na línte tríd síos (cuid bheag díobh le malairt dúigh agus le peann luaidhe). Luaitear/tagraítear do na saothair agus na húdair seo a leanas sna nótaí sin: [An Bíobla] (‘Scriptiúr’) (lch 37), [Hugh] MacCurtin (lch 108), [–––] Ó Floinn (lgh 46, 47); ‘The Book of Leinster Codex’ le B[artholomew] Mac Carthy (lch 62); [William] Walsh, Ardeaspag Áth Cliath (lch 44); chomh maith le na foinsí seo den Foras Feasa ar Éirinn: [Dermod] O’Connor (al. Diarmuid Ó Concúbhair) passim; [William] Halliday, passim; bunábhar an Dra Céitinn féin in mórán áiteanna. Ba ag cóipeáil as lámhscríbhinn de chuid Dhiarmuid Uí Fhaoláin a bhí an scríobhaí (féach lgh [134i], 196, 117[a]).

Nótaí fánacha: (a) Taobh istigh den chlúdach tosaigh, ar barr. ‘P. [? 18]’ (le peann luaidhe déanach). (b) An dara lch ceangail, ar cúl. ‘Pádraig O Cearmoda / Cill Rosanta, / Do Scríobh’ (le peann luaidhe déanach, i láimh Liam Uí Mhiadhacháin, úinéir na lámhscríbhinne seo tráth).

Téacsaí ón lámhscríbhinn seo a cuireadh i gcló nó a úsáideadh mar áis thagartha: P. Ó Macháin, ‘Patrick Carmody, Irish Scholar’, Decies: Journal of the Waterford Archaeological & Historical Society 53 (1997) 133–144, féach lch [121a].

lch.

[i] . ‘An Ainm Dé / Ag so dionbhrollach no brollach cosnamh Forus Feasa na h-Eirionn . . . Ata an sdair rannta iona dha leabhar – An chead leabhar nochtas dala Eirionn ó Adam go toigheacht Phádruig an Eirinn. An dara leabhar ó thoigheacht Phádruig go Gabháltus Gall – 1749 – – 1893 –.’ Faoi seo: ‘As milis an teanga an Ghaoidhilge, guth gan cobhair coigcriche, gluar gaoithghlic, ghearchaoin ghasda, suairc seimhidhe sultbhlasta, cidh Eabhra teanga is seanda, cidh Ladion is léigheanta, uatha uirre nior frith linn tuairm focal do chumaoin’.

[ii] . Bán.

1 . ‘AN DIONBHROLLACH chum an Leightheora.’ Tos. Gibé duine ’san m-bith chuirios roimhe seanchus no sinnsiordhacht criche ’san m-bith do lorguireacht no do leanmhuin. Críoch. (lch 27.17) óir má ta aon nidh inbhéime ann ní o mhailís acht ó aineólus a ta. Bhur m-bochd charadh bithdhilios go bás – Seathrún Céitinn.

27.19 . ‘FORUS FEASA AIR EIRINN Lib. 1.’ Tos. Ag so do sheanchus Eirionn agus do ghach ainm da d-tugadh uirre. Críoch. (lch 196.22) Tugadar a mhuintir a chorp leo an Eirinn gur h-aidhnaiceadh a Roilig na Riogh a g-Cruachan é. Lean colafan: ‘Ag so deireadh an chead leabhair do’n sdair so Forus Feasa air Eirinn, air na chriochnughadh an chuigeadh la air fhichid don deachmhadh mí de’n bhliadhain d’aois ár d-Tighearna 1893 a d-Tigh an Mhuillinn a b-paráisde Chillrosantaigh le Pádruig O’Cearmoda, agus deantadh ó chóibh láimh sgriobhtha le Diarmuid Ó Faoláin san bhliadhain 1750, a Liosmhór Mochuda’. An méid seo a leanas ar lch [134i] (bileog de pháipéar gorm atá ceangailte isteach idir lch 134 agus lch 135): ‘Ag so mar do tugadh Cath Aonaigh Macha le Conchubhair go na Bhrathraibh’. Tos. Conchubhar mac Fachtnaigh Fathaigh & a bhráithre, is iad do thug Cath Aonaigh Macha do Dhabhall Dianbhuillioch Mac Riogh Lochlann . . . gonadh o’n g-cath sin Aonaigh Macha a dubhradh Ulaidh rin. ‘Fuair mé an ceann comhráidh so a leabhar [William] Halliday – ni raibh se a leabhar laimh sgriobhtha Dhiarmuda Ui Fhaolain – as a rinne me mo choip fein. Teidheann so aisteach roimh bhas Chonlaoic. P Ua Cearmoda’.

[197] . ‘Summary Of Reigning Monarchs from Nuada Neacht and Conaire Mór S[on of] Eterscol P. 2nd year B.C. to St Patrick’ (scríofa i slí mírialta). Liosta na monarc réamhluaite maille le nótaí (i mBéarla). ‘M Beary May 1911.’

[198] -[202] . Bán.

1[a] . ‘FORUS FEASA AIR EIRINN An dara leabhar.’ Tos. Ag so sios do rioghaibh Eirionn agus da ndailaibh d’eis creidimh. Críoch. (lch 116[a].29) agus iomad do shleachtaibh eile seanghaill tainig ó thaoiseachaibh eile nac luaidhfiom ann so. ‘Ag so deireadh an dara leabhar criochnuighthe an cuigeadh la don Abráin 1894. P Ua Cearmoda.’ Lean. (barr lgh 117[a]) leagan eile den chríoch: Roistig, Paoraig agus Grásaig . . . agus iomad do shleachtaibh eile seanghall tháinig ó taoiseachaibh eile diobh nach luaidhfiom don chur so. ‘Finis an dara leabhar.’ Lean colafan: ‘Ag so deireadh ‘‘Forus Feasa air Eirinn’’ mar fuaras romham eadh a g-cóib láimh sgríobhtha le Diarmuid O’Faoláin timchioll meodhain an aois dheigheanach i Liosmór Mochuda. Do chuir me deireadh leis an obair an chuigeadh la do mhí an Aibreáin 1894 a dTigh an Mhuillinn a b-parráisde Cillrosantaigh a g-contaé Phortláirge, agus mar chriochnughadh air tugaim buidheachus le Dia do thug dam dul tríd, agus ma fhoghnann mo shaothar an teanga ann a bh-fuil an leabhar so sgriobhtha a choimeád beó no a bhuanughadh beidh me lán diolta air son mo bheag shaothair. Pádruig O’Cearmoda’. Lean. barr lgh 118[a], téacs breise ón Foras Feasa ar Éirinn a leanann siar go dtí lch 117[a]i: Cuirfiom sios annso as an seanchus ar an módh air a ndeinti riogha d’ordughadh an Eirinn . . . A nDun Caillé Bheirre do goirthi O Brain agus mac Eochadha do goireadh é.

[119a] . ‘Reverend P Dinneen said in preface to Forus Feasa Vol. 2 that a MSS of Dr Keatings could not have been previous to 1632 on account of his referring to letters of Archbishop [James] Ussher &c. But Archbishop Ussher who was born in Dublin A.D. 1580 commenced a chronology of the Bible at the age of 16. In 1607 [he] was appointed Professor of Divinity at Dublin & Chancellor of St Patricks Cathedral. Promoted Bishop of Meath [in] 1620 whence he was translated to [the] Archbishopric of Armagh in 1626. On breaking out of the Irish Rebellion he retired to England & [was] promoted to the See of Carlisle. He died at Riegate Surrey in 1656.’ Lean. nóta: ‘SEE Page 2 of An dara leabhar where Dr Keating refers to Ussher / MB’.

[120a] . Bán.

[121a] . ‘Memoranda on the foregoing copy of Dr Keating’s Forus Feasa ar Eirinn this 17th day of Aprill [sic] 1911. (Easter Monday) by Michael Beary late B[orough] Surveyor Dungarvan.’ Lean. cur síos (i mBéarla) ar: (a) an aithne a bhí aige ar Phádraig Ó Cearmoda; (b) mar a d’fhreastail Ó Cearmoda agus an tAb Muiris Ó Faoláin, Mainistir Chnoc Mhellerí, ar ranganna Gaeilge a thug Seán Pléimeann, Rath Ó gCormaic (iar-eagarthóir Irisleabhar na Gaedhilge i ndiaidh David Comyn); (d) an cairdeas a bhí ann idir Ó Cearmoda agus Ó Faoláin; (e) na miondifríochtaí idir an téacs sa lámhscríbhinn seo agus na heagráin den Foras Feasa ar Éirinn a d’fhoilsigh an Irish Texts Society .i. [David] Comyn, Imleabhar 1 (1902), [Patrick] Dinneen, Imleabhair 2 & 3 (1908) maille le botúin aistriúcháin a thug sé faoi deara in eagrán [Patrick Weston] Joyce (1900). Tagraítear do dhátaí ón Sean-Tiomna a thug [William] Walsh, Ardeaspag Áth Cliath i saothar leis (nach n-ainmnítear) (lch [123a]). [Cuid (ó lch [121a]) i gcló Ó Macháin (1997) 135 (mar a dtugtar lch [119] air).] Lean. (lch [123a].8): ‘Note 10th October 1911 / I intended carrying this farther on these pages but having given Mr [Dan] Fraher a revision & summary & chronology & succession of monarchs & length of reigns to Brian Boruimhe on foolscap I expect he will insert same here or copy it & revise back accordingly if he deem fit. Michael Beary’.

[124a] -[155a] . Bán.

[156a] . Giota don téacs a fágadh ar lár i gcorp na lámhscríbhinne. Tos. 3648. Do ghab Labhradh Loingseach mac Oilliola Aoine do siol Eireamhoin rioghacht Eirionn ocht m-bliadhna deag. Críoch. do lucht Coigeadh Ghailian ris a raidhtear Coigeadh Laighean i ndiu. Lean. nóta: ‘Is a leabhar Hallidai fuair me an roinn seo agus roimh ‘‘Iar mharbhadh Chobhtaigh Chaolmbreagh’’ teidheann aisteach i leathanach 118. Leabhar 1’.

[157a] . Bán.

[158a] . Giota don téacs a fágadh ar lár i gcorp na lámhscríbhinne. Tos. Ag so sios d’anmannaibh na cloinne sin Iugaine agus an roinn fearain do bhi aig gach duine diobh. Críoch. Muiriosg, i Moigh Muirisge. Lean. nóta: ‘Is i ndiaigh an roinn Iugaine ullach Amhra ⁊c ata na n-anmanna so i Leabhar Hallidai’.

[159a] -[160a] . Bán.

© Catalogue record by Liam Ó Riain 2023