Leabhar Uí Chonchubhair Dhoinn
[f. 64v] .
Donnchadh mór ó dalaigh .cc. [later: .i. Ab Mhainistreach na búille .A D. 1230.]
Marthain duit a croch an choímhdhe. a croinn díadha an duille buig
ar an bfádsa as dóigh ar ndeaghail. páxa as cóir na deaghaidh dhuid
A croch dé do dhlighis cádhus. ó chloinn ádhaim athair cáich
as mor mac ciontach ro ceannghadh. lat a fhiortach bheannghlan bhláith
Peacaigh na cruinne ro cheannchais. a croch gradhach gasda an rúaig
tugais cabair a croinn gradhaigh. do chloinn caluigh ádhaimh úaid
Inneosad duit diarraidh nimhe. ní dot sgélaibh sgél go nós
do chluinfe rí gealchas gréine. ní dot séanchus féine fós
Do ríghne catraigh aird aoíbhinn. athair na slógh sáor na cclann
na leibhinn úr ghlan gan ghairbhe. gur gabh tnúth na haingle ann
Do hionnarbadh tré na núabur. aingle do nimh náir a ccúairt
ar ccar as na naingiol ccruthach. fa caingion glan sutach súairc
Tar éis ionnarbtha na naingeal. nírbh iongnadh dáil a bfhras
ar ccur a ccúl ré clár nimhe. lán a súl da ibhe as
Do dhealbh día éubha agus ádham. diarraidh daoíne dáil gan crúas
da síoladh agus da snighe. do líonadh an tighe thúas
Do sháruidh éubha go húaibhrec. athair na ndúl doiligh linn
an tsíodh do luit as a luidhe. gur thuit a shíol uile inn
Do cuiredh éubha dfhód parrthais. na bport ngeagach glan a lí
turus a slat súairc an ti[o exp.]nnreimh. fa cuairt mac as ingean í
Marbhuis caidhin mer mac ádhaimh. aibél déarcach díocra an mhóid
do leacain leabhair crúaidh cámhoill. an stúaigh reabaigh náloinn nóig
Beirter séath fá súairc an ttoirrcheas. troigh mur eala uchd mur bhláth
ní frith gin mur é na aghoidh. as é sin do chabhoir cách
Glúaisis ainnséin diarraidh parrthais. prap an toisg nochar thoisg chlé
sa bfearonn mhín ccráobach ccrosach. a ttir mbráonach ndosach ndé
[f. 65r] .
Do connairc úadh áoncrand lomáin. ar lár parrthuis prap an cúairt
as lúath do ghabh crotmhall críne. an bogcrann g[h canc.]lan sídhe súairc
Do connairc áonmacáomh áluinn. ar fud an croinn soir as síar
gur líon do chnúas an crann lomáin. anuas fa bharr bfolláin bfhíar
Lingios tri grainne do ghéig ábhla. a nuchd shéith rér seachnadh móid
beagan cnúasaigh maith ré a mhaoídheamh. don fhláith úasail fhaoílidh óig
Glúaisis roime sa rod céadna. a ccrích parrthais na bport ngrinn
fúair go súairc na grainne geala. aille na cúairt eabha fhinn
INnsios dádhamh da athair. ionnioll parrthais port na ród
do connairc áoncrann san bfíodhbaidh. ar an tsháorchlann ionmhuin óg
Do connairc misi ar mac ádhaim. áon mac is níor taom tlaith
go nderna áondharuidh uile. don mháoltamhuin bhuidhe bhláith
Sinne féin ro crion an crann sin. comrádh ádhaim is níorbh e úair
as é an bioth an crann a chara. gan ioth ann s gan ana uainn
Tig an téag go hádham ainnséin. daithle a thurais trúagh an chúairt
robadh béad go mbleadoibh ndeaghóil. sgél a éag fa seanóir súairc
Eirgis seath fa súairc an giolla. giolla óg nár adhain cheilg
agus cloídhís úaidh da athair. an sdúaigh róidheis ndathaigh ndeirg
A tri grainne gabhais chuige. cabhair cháigh anois do níad
a mbél ádhaimh seach gach ionadh. do cháraidh séath iodhan íad
Fasuis tri gega as na [transposed: grainneibh]. fa ghort bhúadha ar bheagan síl
oirrdearc bhos fan ccruinne ccrosaigh. nós gac buinne dhosaigh dhíbh
Tusa an treas crann dona crannaibh. a croch dhé fa ndligmid múith
battar god thairrngire ar ttosach. id ghlainbhile ndosach ndlúith
Beirter ainnséin muire máthair. mathair críosd do chosain bladh
a folt drongach mar ór íorna. torrach an ógh gríobhdha ghlan
[f. 65v] .
Beiris muire an macámh oirrdheirc. íosa críosd an cráobh fa bhláth
athair na slógh fa séan búadha. an sgél mor do chúala cách
Tugadh cugadsa da crochadh. tar ceann daoíne día da íoc
an tí do cinnedh dár ccabhair. do milledh rí an damhain díot
Tugadh chugad a chroch ionmhuin. fábra glé dhubh ós grúaidh mbric
do bí a ccáomhcros caom mo croidhe. máothbhos tsháor da roighe rit
Do shín riot a rightheach náluinn. íosa críosd fa cáomhtach lonn
do sgaoíl ort a bheannac bhúadhach. a fholt gleannach dualach donn
IOnmuin cách do crochadh ionnad. ionmhuin anam ionmhuin corp
mo rí mo cridhe mo chara. do bhí ag snighe a fhala ort
Gion gur fhás cáor ort no áirne. nó ubhall cumra nó cnú
a dhion crann deaghbhan an domhain. derbhadh as crann toraidh thú
Tú fuair maoísi mór an conách. tre chion ádhaim áobhdha an folt
do bhun thall fa úir na húaighe. do bharr na clúimh úaine ort
Tú fuair dabhí sa díormhuigh. a ndíaigh maoisi meabhair leis
maith an chuairt dfhaigsin an fhásuigh. aisgidh hsúairc an lásoin leis
Tusa an ceadcrann do chuir solamh. súas na theampall toisg nár íoc
leis do beanadh thall ar ttosach. do bharr leabur dosach dhiot
Tú ar ndhídean s tú ar ttermonn. tú ar leighius a ló an braith
tu an crann far cuir an coimdhe. fuil a bhall ag coimge cháich
Tú ar sgíath sar ccloidheamh cumhdaigh. a croch dhé far doirteadh crú
nocha chluinim fuaim na habhann. úair nach ccuirim taram thú
Tusa linn taith na talman. tú an caislén ós cionn díog
tú an lomán lán do thoradh. slán follán an domhan díod
Pillim chugad a croch ghradhach. an glún deas le ndernus olc
léigim fúm é agus ní folair. an glún clé dom fhuráil ort
[f. 66r] .
As asad do chúaidh an coimdhe. ar creich ifrinn eachdra soirbh
is tú tug an chabhair chalma. a naghaidh na habhla oirn
Do chuir liom gan an leith oile. dfaghail chugad a croch naom
go mbe sonn comhfhad an coimdhe. don chronn robhog corrghlan caomh
Ni faca a bport dona portaibh. popall mur do popall sáimh
ní fhaca teagh mur do theampoll. a dhata geal beanncorr bláith
Tusa is muire mathair íosa. dhó fhóir sinnne s níorbh olc fáth
bar ccneas caomh nir chin a shamhail. sibh ar áon do cabhair cách
Peacach sonn ag sleachdain cugad. ní cóir mobadh giodh olc mé
toirn agus gabh póig ón bpeacach. fill do mhóid a deaghcroch dé
Gíodh lór blaithe do bheann ccumdaigh. giodh croch dhubh thú aniudh s ané
fa croch chorcra thú dar ttearmonn. do crú ochda as dernann dé
Séth mac ádhaim fúair ar tosac. thall a bparthus na bport náomh
fa lór thaille assedh do chúala. id grainne gheal chúana cáomh
Fada do los ar lár mhanma. inneall haithche is ionmhuin linn
mar thig eatal do ghúal gréine. snúadh do leacan réidhe rinn
Slánaigh an bioth a bhean chumainn. comhaill damsa dúais mo rann
mur thugais dferoibh an bheatha. rugais dfeadhaibh an bheatha barr
//MARTHAIN//