ISOS logo
en

MS CF 3

'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'

Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]

CF 3

SCÉALTA : FIANNAÍOCHT

RELATIO GERALDINORUM : FILÍOCHT

19ú haois. 11.2" × 8.7". 1v + 286 lch, uimhrithe 1-285 le 240 faoi dhó; duilleoga ceangail chun tosaigh agus laistiar. Eamon Ó Mathghamhna a scríobh in 1841-2 i gCorcaigh don Athair Muiris Cinneiféic (cf. 35m., 125i., 197m,. 258m.). An leabhar seo ceangailte go stóinsithe ar aon dul le CF 1. ‘Manuscript. Vol. lll’ ar a chúl in órlitreacha, agus a uimhir ‘3’ greamaithe de.

i . ‘Vol. 3’. ‘Fenian Tales and Modern Poems’. A chúl seo bán.

iii -iv . ‘Clár’.

1 . BRUIGHEAN CHAORTHUINN. Tos. Righ uasal oirdheirc róghabh flathus agus forlamhus fór ceithre treabhuibh Lochlonnach . . . Colgán cruadharmach. Críoch. Agus mar sin do sgar Mioghach mac Colgain ris an bhfeall sin do mheas sé do dhéanamh air fhianaibh Erionn. Crioch (20m.).

21 . CATH CHLUAIN TAIRIBH. Tos. Do gaibh Brian Boroimhe mac Cinnéide mhic Lorcáin mhic Lachtna . . . rioghacht Erionn. Críoch. ag greama a chéile inna ccuid fola le linn báis dóibh. Colafan: ‘Ag so crioch le Tuarasgabhail Chatha Cluana Tairbh annso, mar do fuarus é réogham .i. go dianolc curtha sios agus drochsgriobhtha. Agus iarra sgriobha annois le E. Ua M. a cCorca mhór Múmhuin chuim úsáide an duine uasail an tAthair Muiris Cinneiféic a bporoistighe an Teampuill Ghil agus na Blárnann mar aon leis an Atair Mathghamhuin Ó Horgain, an tan so. An ceathramhadh lá fithchiod do October, aois an Tighearna 1841’ (36m.).

37 . CATH FIONNTRAGHA. Tos. Riogh uasal oirdheirc róghaibh flathus agus forlamhas an domhain go huile, acht Ere amháin dárbhadh comhainim Daire Donn. Críoch. (gan an laoi) gurab Tráig Chaoil ainim na trághadh ó shoin a leith. Colafan: ‘Agus gurab é sin Cath Fionntrágha mar fuaras é criochnuighthe agus co ccuiridh Dia uilechomhachtach crioch mhaith orruinn go léir. Amen’ (70i.).

71 . BRUÍGHEAN EOCHAIDH BHIG DIRG. Tos. Lá n-aon dá raibh Fionn Mac Cumhail air druím na Goilbhe do éirgeach fiadh fathach foghluaimneach a gceann gacha seachta bliaghuin do ann. Críoch. gurab amhlaidh sin do sgar Eochaidh Beag Dearg agus Fiann Erionn ris an mbruíghin sin. Crioch (85i.).

86 . BRUIGHEAN BHEAG NA hALMHUINNE. Tos. Do rinneadh fleadh phriomhadhbhal le Fionn mac Cúmhail d'fhiana Erionn an Almhuim luchtmhar Iánaoibhinn Laighean. Críoch. do goireadh an Fhiann do Iáthair agus do nochtadh an bhreath dóibh, agus do mholadar uile í. Crioch. Colafan: ‘larna sgriobhadh le Eamon Ua Mathghamhna, a cCorca mór Mumhan an t-ochtmhadh lá fithchiod do November aois Chriost an tan sin 1841’ (94m.).

95 . CEISNIOMH INIGHINE GHOIL ATHA LOICH. Tos. Rígh fioraonda fírdhlightheach firbhreathach saidhbhir socamhail saoruasal sochmadh soilbhir . . . Feidhlim mac Criomhthuin. Críoch. téid Donnúir go Cill Osgula go raibh 'na abb inte go bhfuair bás. ‘Gur badh í sin Ceisniomh Inghine Ghuil Atha Loich criochnuighthe’ (112i.).

113 . AN CEITHREANACH CAOLRIABHACH. Tos. Lá n-aon dá raibh Ó Domhnaill .i. Aodha Ruadh mac Néill Gairbh mic Toirdhealbhaigh an Fhiona . . . ag caithiomh fleadha agus féasda a mBéal Átha Seanuig. Críoch. do ghluais as a bhfiaghnaise, agus níor bhfeas domh cá háit ionar ghabh sé huadha. ‘Ag sin cuid d’imtheachtaibh Mhanannain mhic Lir do Thuathaibh Dé Danain. As é do bhí ar na siobhaltaibh sin. Finnit, no crioch’. ‘larna sgriobhadh le Eamonn Ó Mathghamhna, an ttara lá deag de Dhesceber. Aois an Tighearna Criost. 1841’ (125i.).

126 . MAC NA MIOGHCHOMHAIRLE, filíocht agus prós. Tos. le filíocht. Mar a ccuala sibhsi ní misde dhíbh a fhiafruighe. Críoch. le ‘ceathramhadh ceangail’: Scuirim feasda do thaisdiol gan bhrigh gan áird (150i.).

151 . ‘Fuatha mhic na míochomhairle’. Atá fuaith is iomdha. 21 r.

155 . [RELATIO GERALDINORUM]. Tos. ‘An Dionbhrollach nó an Réimthionsgnadh chum an leaghthora’: Ag so chugaibh a leaghthóir ionmhuinn suim aithghearr an trachta so .i. Relatis Geraldinorum, do sgribh . . . Domhnall Ó Dalla. Críoch. le A choguir, a chumainn ’s a chuisle nach faon san duain. 2 v. Iarna sgriobh le Tomás mac Muiris Mac Gearailt, ó Bhaile Átha Úbhala ag Amhainn Mhóir a gConntae Chorcuidhe san míos June 25th 1778. Mola do Dhia. Teideal: ‘Propagatio Geraldinrum in Hibernia. Ceap na Craoibhe Gearaltach.’ Tos. Gearalthagc larlaoi Deasmumhan an Eirinn, do badh fhollus chalmacht do frith gurab ó na seanThrógánaigh fuaradar ceap a ccraoibhe (lch 157). Críoch. Muiris mac Gearailt mhóir mhic Muiris mhic Seaghain mhic Ribéard mhóir .i. connstabla áirdrigh Sagsan a ccúirt Parliment Windsor. Colafan: ‘Iarna sgriobha le Eamon Ó Mathghamhna a cCorcaigh Mhór Múmhan, chuim úsáide an Athar Muiris Ceinnféic .i. a bpuroistighe an Teampuill Ghil agus na Blárnann, san mbliain d’aois ár tTighearna Iosa Críost 1842’ (197m.).

198 . Fear Flatha .h. Gniomha. Beanocht air anam Erionn. 9 r.

199 . ‘Do Ghabhail na hErionn’. Fuaras a Saltair Chaisil. 31 r.

202 . gana. Tuatha Da Danain na séad suim. 10 r.

204 . ‘Eachtara an Spealadora ar bhean, do thug deoch drochbhainne chuige mur leanas.’ As í do thug chughams’ rúisg do chaile chásmhar. 5 v.

205 . Burdúin agus véarsaí. Má bhíonn tú brúighte súidhte tuirseach tnáite. 1 v. Do chonarcsa fear do chaith a shaoidheal go duairc. 1 v. An diabhal an uair bhion ’na luídhe go traidhte fann. 1 v. Gach n-aon do chalmshliocht Chaithil Í Néill is Chuinn. 1 v. Eagán .h. Raithile. Éagfaidh Seoirse mór so an airdrigh aguinn. 3 v. (lch 206). Imeochadh an fhuiseóg is aile ar sliabh. 2 v. A fhir ghasda ghluín tséimh, do léigheas na seannughdair. 1 v. le ‘freagra’: Ní sparainn na sgléip ná bréithre seannúghdair. 1 v. (lch 207). Dá mbeadh agam an ceann ler meabhraigh Homar stair. 1 v. le ‘freagra’: Dramm is feárr ná mná lead linn níor biadhthag. 1 v. ‘Ere’: Mo mhile creach budh cneasda an striapach í. 1 v. (lch 208). A dhuine gan stór is dreóil a charaid sa tsaodhal. 1 v. An bhean tar lear bíon aice saibhris úr. 1 v. Feach an ceann gan ann ach áit na súl. 2 v.

209 -210 . Bán.

211 . ‘Agallamh Páttruicc agus Oisín.’ ‘Mar do bhí Pattruicc a’ tabhairt Oisín chum creidimh.’ 'Oisín is fada do shuan. 200 r. uimhrithe; téacs ina dhá cholún go 258m.

227 , col. b. ‘Iomarbhádh na Seilge.’ Lá dá raibh Fionn na bhfleagh. (59 r. uimhrithe 201-259). Colafan: ‘Aig sin an tSeilg criochnuighthe amhuil do fuarasa reomham í’ (232m.).

233 . ‘Duan an Amadain Mhóir’. Do chuala sgéal uaibhreach gan bréag. 54 r.

237 . ‘Aiste chSeaghain Uí Chonaill’. An uair smuainim air saoighthibh na hErionn. 492 1. ina véarsaí.

247 . ‘Duain hí Dhúbhgáin’. Bliaghain seo solus a dath. 61 r.

252 . idem. Atá agam do mheabhair. 15 r. ‘Air theacht na ráe don epact’.

253 m. Dochtúir Dubhgán. Ni claoine fealla na meatacht do leag ár mbuídhean riamh. 6 v.

255 . ‘Teacht Conlaoch go hErinn’. Táinig tráth an borblaoch. 37 r. Colafan: ‘Crioch le Eamonn Ó Mathghamhna’ (258m.).

258 m. Oisín mac Finn. Lá dá raibh Fionn ag ól. 19 r.

260 m. Éagán Ó Raithile. Is atuirseach géar liom créachta Crioch Fodla. 6 v.

261 m. Burdúin agus Dánfhocail. Uabhar na puimp ná déineadh duine as a stór. 1 v. Is buartha bhíd na daoine a ndeifír gan choir. 1 v. Ní bhfuaras fios ó dhraoithe glioca ar bith fós. 1 v. Trí bliadhna is sé chéad. 1 r. Dhá bhliadhain is cheithre chéad. 1 r.

262 . Seadhan Ó Coilein. ‘1813’. Oidhche dom go doilg dúbhach. 20 r. ‘Machtnamh an duine dhoilghiosaigh.'

266 m. Eoghan an Mhéirín Mac Carrtha. ‘1753'. Is léan liom ’s is déarach le tracht am stair. 7 + 1 v. ‘An Ceangal’. ‘Air bhás an Athar Tadhg Rábach Mac Carrtha.’

268 . Conchubhar Ó Ríordáin. Aisling do chéascreacht me tar bárr amach 8 + 1 v. ‘An Ceangal’. ‘Air bhás an Athar Pattruig Uí Iarlaithe 1743’.

270 . An tAthair Pattraig Ó Iarfhlaithe. Ag so an t-adbhhar lena ngoilim is ghoirtig mo chneadh go léir. 6 v. ‘Air bhás an Athar Eoghan Uí Shuilliobháin, Easbog Chiaruidhe. 1733’.

271 m. Domhnall Ó Luasadh. ‘1803’. Is adhbhar daoirse fann sínte ’s as cás do chéadaibh. 9 + 1 v. ‘Feartlaoi’. ‘Air bhás an Athar Hanraoi Baldwin.’

273 . ‘Beanocht Mhairtuin Uí Cheallachain leis an Athair Seamus do Róiste, an tan do chuaidh sé go Ceann tSáile cum comnuighthe ó Chnoc an Bhile, 1733’. Fá léan dár bhfearaibh ó scaruis, a Róistigh linn. 12 v.

276 . ‘Laoi an Dorruinn’. Feis ardtaisge a ttigh Teamhrach. 31 r.

282 . Seaghan Ó Gára. Mor a ccumaoin ar gach cuing. 16 r. ‘Do Rúghraoi Ó Fhlaitbhearta’.