ISOS logo
en

MS CF 10

'Clár Lámhscríbhinní Gaeilge'

Pádraig Ó Fiannachta, Leabharlanna Na Cléire Agus Mionchnuasaigh, Fascúl 1
[Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978]

CF 10

CHRONICUM SCOTORUM : ‘ANNÁLA INIS FAITHLEANN’

19ú haois. 9.7" X 7.5". 192 lch uimhrithe go leanúnach, ach duilleog bhán idir 108 agus 109 gan uimhriú. Lgh cheangail chun tosaigh agus laistiar. ‘Vol X. Annals’ ar cheann díobh. Pól mac Mhichíl Uí Longáin a scríobh don Athair Muiris Cinnefeic in 1842 (cf. 192m.). Túslitreacha agus litreacha eile maisithe go minic. An Is seo ceangailte go stóinsithe ar aon dul le CF 1. ‘Manuscript, Vol X’ in órlitreacha ar a cúl, agus a huimhir ‘10’ greamaithe di.

1 . ‘Incipit CRONICUM SCOTORUM eadhoin Tionsganan Chroinic na Scot’. Tuig a léaghthóir tré ádhbharaibh áirighthe agus go follus do sheachna iomadamhlachta focal. Críoch. s.a. 1150 fear ró athnuaighidh mionna agus canóna agus riaghallacha crabhaidh an Éirinn quievit i cClár Buíghill iar teacht d’agallamh an Phápa. Críoch (108m.).

109 . ‘Blogha d’“ANALACHA INNIS FAITHLIONN” ' Tos. na súdanála: Cuid Chas mhic Cuirc mhic Oilill Flannbhig mhic Fiacha Maoileithin. Críoch. s.a. 1435 Aodh Baoi Ó Néill mac Briain mhic Muircheartaicc mhic Aodh mhic Briain do theacht air Mhac Aongusa agus a dhís mhac do mharbhadh. Críoch (192 m.).

192 m. Colafan: ‘larna sgriobhadh chum úsáide agus caitheamh aimsire an Athair Muirghis Cinnefeic, san mbliaghuin d’aois Criost 1842, le Pól mac Michíl Uí Longáin’.