ISOS logo
en

MS IL 8

TUIRIMH

19ú haois. 6.4" × 4". vi + 420 lch, ach iadsan uimhrithe 1 - 460 (níl aon ‘69’, ach tá ‘350’ faoi dhó); tá 20 duilleog ar iarraidh (= lgh 9-10; 96-99; 106-137; 419-420) agus duilleog bhán curtha ag an gcean - galtóir i ngach bearna. Tá cuid de na duilleoga sailithe, ach is beag den téacs atá doléite. Seán Ó Dreada a scríobh an t-iomlán, ach lgh 291-5m., i gCorcaigh; tá 1824 mar dháta leis an lch teidil. Scríobh Tadhg Ó Conaill lgh 291-5 mar is léir óna pheannaireacht mhion shlachtmhar agus a shíniú (295 m.). Tá ainm úinéara, an tAthair ‘Patricius Kenyon, Presb. Miss.’ ar lch v; agus ainm úinéara eile Seán Ó Catháin, Dubhghlas, thall is abhus (cf. infra.). Tá an Is ceangailte go slachtmhar anois faoi chairtchlár glas le cúinní agus cúl leathair; Comhartha na dTrí gCoinneal a cheangail mar is léir óna stampa laistigh den chlúdach thiar. Tá ‘Arch. Prov. Hib.’ ar an aon duilleog cheangail atá chun tosaigh; tá dhá dhuilleog cheangail bhána laistiar. Tá ‘Ms. Ó Dreada’ ‘1824’, in órlitreacha ar a cúl.

i . Lch teidil: ‘Brón-Chaoi na Dáimhe. Eadhon. Tiomarga toghtha do mhór-iomad do dhuantaibh dólasacha nóch do cumadh anallód re cuid do na húghdaraibh budh ródheársgnaithe ionna n-amm féin iona bhfuil ainim et aimsir an úghdair do chúm, maille re torcra an té dár cumadh. Airna ttiomsúghadh go fríochnamhach an aon-toirt le Seán Ó Dreada a cCorca san mbliaghain mdcccxxiv d’aois Chríost. 1824.’

ii . ‘Chum an Léaghadhthóra.’ Tos. A Ghaoidhil ionmhuinn. Ní hamhrus gurab dearbhtha leat (an nídh a deir an tOllamhuin) gurab é eagla an bháis freamuidhe et tionnscnamh na heagna. Caint ghinearálta i dtaobh an tsaothair. Stad. Is annsin rithimse san rithréimsi do theagmhadh dam an cnuasach beag so. (Gíodh mór-thábhachtach) do chur re chéile, mur atá (iv m.).

v . ‘Ex libris Patricii Kenyon Presb. Mission.’

vi . Bán.

1 . Mac Liag. lonmhain feart a bhfuil Bhriain. 15 r. ‘1015. Air bhás Bhriain Bhóirbhe.’

3 i. Dáibhídh Ó Bruadair. D’éag an fhéile a n-éitteacht Mhuiris 34 r. + 15 v. ‘An Ceangal.’ ‘1679. Air bhás Mhuiris mac Éadhmoinn Chaisleáin an Lisín.’ Tá an duilleog 9-10 ar iarraidh agus 12 r. caillte dá bharrsan.

14 . Dómhnal Garbh Ó Súilliobháin. Créad an fraoch so air spéarthaibh Eórpa. 54 v. ‘Iar n-éag Dhómhnail Uí Chaoimh .i. ceann fine sleachta Chaoimh an dara lá fithchiod do 9ber. 1669.’

23 m. Aindrias Mac Cruitín. Anamh sin, a Chláir Lughadh léir. 9 r. + 9 v. gach re ceann. ‘Air bhás Sir Donchadh Ui Bhriain et a mhic Laoisic d’éag san bhFraingc. 1729.’

27 m. idem pro iisdem. Dob anamh tu, a Chlár Lúghadh go héigneach. 30 v.

31 . idem. Créad ná caoinfin mar chách? 13 r. + 13 v., gach re ceann, + 4 v. ‘An Ceangal’ agus an dáta sa 2 v. deiridh agus mar ghluais leo: ‘.i. Aois an Tiarna 1717.’

37 . Proinsias Ó Suilliobháin. Is léun’s as deacrach, is mairg's as díoth’s as gruaim. 21 v. ‘Do Sheafradh Ó Donnchú an Ghleanna.’

40 i. An tAthair Uilliam English. Torain támhadh Sheáin Mac Gearailt. 39 v. ‘Air chSeán Mac Gearailt .i. Ridire an Ghleanna do fuair bás san mbliadhain 1737.’

46 marg. sin. Scribleáil agus síniú: ‘Seagan Cathain.’

47 marg. dext. Síniú: ‘John Kane.’

47 m. Jóseph Ó Caoimh. Mo dhíoth, mo dheacair, tug mairg air chéadaibh. 22 v. ‘Air an bhfear cceadhno.’

51 . Aodhgán Ó Raghallaigh ‘1726.’ Tásg tré ccaithid dearca deóra. 29 v.

56 . Seafradh Ó Donnchú an Ghleanna. Sin orchradh fá ndoirtimse mo dhéara dearc. 4 v.

57 . Diarmuid Óg Ó Murchú. Ní hí Sorachadh is orchradh dam dhéaraibh dearc. 9 v. ‘Freagra.’

58 . idem. An suaircfhear séimh do phréimhshliocht Lúgha na lann. 6 v.

59 m. gana. Is cúngnamh galair's as dearbh gur fáith bróin dam. 3 v. ‘Broid Mhúsgruidhe.’

59 i. Eadhmonn Ó Rínn. Más mola cirt sin oirdhearcas cáile is gníomh. 3 + 1 v. ‘An Ceangal.’ ‘Do Chormac Mac Cárrtha Dhun Deagh - Radhairc. ’

60 m. Dómhnal Maol Ó Súiliobháin. Oighde na nDómhnall ccródha ccineállta. 1 v. ‘D’ Ó Súileabháin Mhór.’

60 i. idem. Is teinn go mór liom Dómhnall d'fhuil Chárrthach. 1 v. ‘Do Mhac Cárrtha Mór.’

61 . idem. Treighid's as brón's as ceó's as cioth ádhbhall. 1 v. ‘Do mhac Fínghín.’

61 m.
Muircheartach Ó Súiliobháin. Do leathnaidh ceó gus gairbhneola an Mhumhain trasna. 4 v. ‘D’ Ó Súiliobháin.’

61 i. idem. Mo sheanmóinse an leanbh Dómhnal úd theasda. 2 v. ‘Do Mhac Cárrtha Mór.’

62 m. Eóghan Mhac Cárrtha an Mhéirín. A bhfis tarfás an tráth noch léigeas. 51 v. ‘1760. D’iarla Chlainne Chártha. 1734.’

72 . Dómhnall Ó hEichthiarainn. M’ochánsa! Tomás fá dhíon na bhfeart. 27 + 1 v. ‘Do Ridire an Ghleanna .i. Tomás Geangc.’

77 . Conchúbhar Ó Ríobhardáin. Air osguilt na maidine's gan lasair ag grian grinn linn. 7 + 2 v. ‘An Feartlaoi.’ ‘1670. Do Chormac Mhor Phrutus nóch d’éag a cCaruic an Droichthid.’

78 m. Donncha Óg Ó Maghamhna. A ghaoil dearbhtha na laoich leadartha do bhiathadh brain. 5 v. ‘Air an Athair Donncha Mhac Cárrtha do bhí ’na shagart porróiste Theampuill Mhuire a cCorcadh. 1750.’

79 m. Séamus Mac Coitir. Tarla gné dhaoldatha d'foilic go rian. 12 + 1 v. ‘An Ceangal.’ ‘Acroistic air bhás Thaidhg Uí Bhriain.’ Na túslitreacha (‘TADHG . . .’) cliathánach.

82 . Eóghan Ó Raghallaigh. Saoghadghoin nimhe tré inchein Fódla. 66 + 1 v. ‘An Feartlaoi.’ ‘Do Dhómhnal Ó Cheallacháin d’éag a mBaile na mBuailteóireadha an 24 lá d’August. 1724.’

92 . idem. Scéul guirt do ghéarghoin mo chroidhese's do léirchuir na mílte chun fáin. 6 + 1 v. ‘An Feartlaoi.’ ‘D’ Ó Ceallacháin.’

93 . Eóghan Mac Cárrtha an Mhéirin. Ag taisdiol trí Mhaoil na nÓine. 48 v. Tá 24 v. ar iarraidh mar go bhfuil an dá dhuilleog 96-99 caillte.

105 . gana. Sin fút, a leac 'na luighe air feochadh. 3½ v. ‘Air bhás Chonchubhair mhic Thaidhg Ui Chaoimh Bhaile Mhic Airt.’ An chuid eile ar iarraidh mar go bhfuil lgh 106-137 caillte. Ar na lgh sin bhí, mar a léiríonn an Clár lch 451, ceithre dhán eile agus tús an dáin inár ndiaidh.

138 marg. dext. ‘John.’

138 . [Dáibhidh Ó Bruadair. Dursan éag Éamainn Mhic Gearailt]. ag lean. ar aghaidh anseo: Mádh fíoch a ccríochaibh nó calm. 71 + 3 v. [‘Air bhás Sur Éamoin Tiarna na Claonghlaise,’ cf. Clár].

150 . idem. A Ghearaltaigh, a Charaihaicc, 's a ChaisBhrianaigh. 8 v. ‘Air an bhfear ceadhno oidhche a adhlaicthe air slíghe.’

152 . idem. Do ghrásaibh foirfe an tuirigin trócairic. 6 v. ‘166. Air a mhac oidhreachta .i. Sir Seán do bhí a Nants an uair sin.’

153 . idem. Is bocht mo bheatha a ccreathaibh éaga. 35 v. ‘Air bhás chSeáin Mhic Uilliam do Barra ó Lios Cearbhuill .i. Chonntaoise Barrach.’

159 . Tadhg Ó Corbáin. Tásg an tréin do thréig gan bhrígh mé. 24 v. ‘Air Dhonnchadh Mheic Craith .i. Coirnéil do marbhadh le claoinimirt chómbhraic aoinfhir a Luimneach July 4th.1706.’

165 m. Uilliam Mac Cairteáin an Dúna. Och mo dhithcreach! is neimhneach mo sgeólta. 17 v. ‘Air bhás Thadhg Ui Cheallacháin .i. an dara fear do bhí ag Máire Ní Chormuic Spáinic a cContaé an Chláir.’

168 . An tAthair Seán Ó Briain. A Uilliam Ui Bhriain is dian do reúbais. 26 + 1 v. ‘Air bhás Dhochtúir Uí Bhriain Leasa Móir do cailleadh a Mí July 1738.’

173 . Uilliam mac Cairteáin an Dúna. Is och! am chliabh is diachair péine. 51 + 1 v. ‘Air bhás Shéamuis Mhóir Mhic Coitir 1720.’

181 m. Éadhmonn do bhFál. Mo léirghoin go brátha an daorsmacht atá. 7½ v. gan bheith iomlán.

183 . Uilliam Mac Cairteáin an Dúna. Mo dhaithnid go fuinn mo shile deor mo sgíos. 8 v. ‘Air bhás an uasoill chéadna.’

184 m. Aodhgán Ua Raithile. Cneadh agus dochar do ghoirtic mo chéadfadh. 65 + 1 v. ‘Do Chaptaon Eóghan mac Cormaic Riabhaic Mhic Cárrtha ag éagaoine gach éagóir et gach anfhorlann eachtrainn dár bhain dó etc.

195 i. idem. Créad an siobhra nímhe-se air Fhódla. 48 + 3 v. ‘An Feartlaoi.’ Le haistriúcháin i ndiaidh gach ceann den chéad 48 v.: What ghastly fiend does our isle invade.

212 m. Seán Ó Murchú na Ráithíneach. Sgéal tar sgéalaibh éachtadh a cClár Luirc. 29 + 1 v. ‘An Feartlaoi.’ ‘Air bhás Eléan inghein Ghearóid do Barra na Laighre nóch d’éag le bolgach a cCorca Feabhra 15 lá 1753.’

218 . An tAthair Seán Ó Briain. Mo chiach, mo cheas, mo chreach, mo bhrón, mo sgíos. 7 v. ‘Air bhás an Bhráthar bheannaighthe bhriochtráidhteach et an Dochtúra fhoghlumtha riaghalta d’Órd St. Dominic .i. an tAthair Seán Ó Briain 1738.’

219 m. Eóghan mac Diarmada Ui Shúilliobháin Ceapa na Coise. Is cian an easba do shleachtaibh chirt Niúil le ríomh. 13 v. ‘Do Dhómhnall mac Eóghain Ruaidh Ui Shúilliobháin Mór. D’éag an 22 lá d’Abraoin 1742.’

221 i. idem. Is tromghain teinntídhe nímhnídhe an sgéil sin. 35 v. ‘1740. Ar Ó Súilliobháin Mór.’

227 m. Séamus Mac Gearailt. Éire phláis is nár an gníomh duit. 35 + 1 v. ‘Iar n-éag Seáin mac Ridire an Ghleana.’

234 . Dómhnall Ó hEichiaruinn. Mo thuruinnchreach mo Ridire maith aniar ón nGleann. 21 v. ‘Air bhás chSeáin mac Ridire an Ghleanna.’

237 . Aodh Buidhe Mac Cruitín. Ní buan brón go bás ollaimh. 9 + 1 v. 1732. ‘Iar n-éag Aindriais Mhic Cuirtín.’

239 m. Andreas Mac Cuirtín. Diombuan dlíghe céile don Ghleann. 12 r. + 12 v. + 5 v. ‘An Ceangal.’ ‘1725. Air n-éag Thomáis mhic Ridire an Ghleanna.’

244 . Conchúbhar Ó Dála Chairbreach. Galar bunadh bás tSíle. 32 r. + 1 v. ‘Air bhás tSíle inghein Ui Sheachnaise .i. bean Uí Dhonamháin Mhóir.’

250 . Aodha Buidhe Mac Cuirtín. A dháimh le ndéantar dréachta líomhtha. 42 + 1 v. ‘Iar n-éag Shéarlais Ui Bhriain .i. Tiarna an Chláir. 1747.’

257 . Bean do Shíol Shúilliobháin. Osna go cruaidh le guais na sgéal so a rith. 15 v. ‘Air bhás Mhuirceartaic Óig Ui Shuilliobháin a mBéara.’

260 . Séamus Ó Maoineacháin. Sin féile feasda is gaisge gábhtar géur. 4 + 1 v. ‘Air bhás an Athar Domhnuill Ui Ríomhardáin.’

261 . Aindréas Mac Cruitín. Créad ná caoinfín óm chroidhe. 21 + 5 v. ‘An Ceangal.’ ‘Iar n-éag Míchíl Ui Eidhin an dara lá do mhíosa Feabhra 1729.’ Poll beag dóite i dtreo bun na duilleoige 264-5 agus beagán téacs caillte dá réir.

265 . ‘Suaithe[antas] Ui Eidhin .i. Rígh Aidhne sonn.’ 6 1. próis. Faoi sin: Corthar geal air bhfaicsin uainn a snódh. 1 v.

266 . Seán Ó Murchú na Ráithíneach. Is ciach’s is orchra cloisdin an sgéil na labhairt. 9 + 1 v. ‘Air bhás Uilliam Ruadh Mac Coitir. 1752.’

268 . Seán Clárach Mac Domhnaill. Do toladh mé tréim aodhaibh’s do goineadh mé ’m sgairt. 6 + 1 v. ‘An Ceangal’. ‘Air bhás Shéamuis Mhic Coitir. 1720. An 11 mhdh lá do mhíosa Béiltinne 1720.’

269 . Uilliam Ruadh Mac Coitir. Cé is urra don iath seo Bhriain na gcathán ccruaidh. 3 v. ‘Air bhás Uilliam Mac Cairteáin an Dúna’.

270 . gana. Soradh le sonas na suadh. 3 r. + 3 v. ‘Marbhna ar bhás Thaidhg Ruadh Mhac Conchúbhair, duine uasoll foghlamtha tréightheach do chómhnaic air an gcCarruig nDuibh láimh re hOileán Chiarruidhe tímchoill na bliadhna 1690.’

271 . Captaoin Phiarus Feiritér. Mo thraocha is mo shaoth lem ló thu. 48 v. ‘Ar bhás Mhuiris mhic an Ridire Chiaruidhigh nóch d’éag a bhFlóndrus ’na chaptaoin a n-arm na Spáine. Is iomdha dán do cuma le fileadhaibh cómhaimsire Phiaruis a cconntaéibh Chiarruidhe, Chorcuighe et Luimníghe air bhás an duine uasoilsi, Muiris Mac Gearailt.’

279 . An tAthair Eóghan Ua Caoimh. Mo mhíle mairg mo dhaithnid mo cheas mo chantlamh. 5 v. ‘Ag so na céad linte do scribh . . . air bhfáguil tásg a mhic dó .i. Art 1709.’

280 . gana. Is cian an deacair le haithris a ccríochaibh Fáil. 16 v. ‘Ar bhás Mhic Cárrtha Riabhaic.’

283 . Seán na Ráithíneach. A fhir fhínealta thréithigh dá mbím lán do bhuidheachus. 5 + 5 v. ‘An Feartlaoi.’ ‘Ag freagra Phádruic Ui Mharanáin air bhás Chormaic mac Dhonchadh Bhaile Aodh.’

285 . Sean Ua Tuama. Go déighionach is Phaebus fá neol. 7 + 1 v. ‘An Ceangal.’ ‘1750. Air bhás cSeáin Chláruic Mhic Dómhnaill.’

288 . Seán Ó Murchú na Ráithíneach. Tá fánuidhe gan faosamh air árdchriochaibh Éirionn. 7 + 2 v. ‘An Ceangal.’ ‘1742. Air bhás Thomáis Tígh na cCaorach.’

291 . An tAthair Seághan Ó Bríain. Eag na ttréithe le taobh na flatha. 30 + 2 v. ‘An Ceangal’. ‘Air bhás an Athar Eóghain Uí Chaoimh.’ Ina dhiaidh: ‘Airna sgriobhadh le Tadhg Ó Conaill’ (295m.).

295 m. gana. Táinic anoir ’na roith na sgéala. 33 v. ‘Mairbhne Gearóid mhic Phádruicc Phiarais do marbhadh a mbualadh Lios Cearbhail an t-ochtmha lá September 1642.’

301 . Tadhg Ruadh Ó Súilliobháin. Sa Mhainisdir shiar féd t’iadh féd chlúid faoid leac. 11 + 1 v. ‘1784. Ar bhás Phróinnsias Segerson.’ Nóta le ‘Mainisdir’: ‘Mainisdir Mhíthchill an Aoibh-Ráthadh’ (302i.).

303 . gana. Dá maireach an marbhso fúdsa, a líog. 5 v. ‘Air Bhás an Tiarna Massey.’

304 . Éamon do bhFál. Mo chráidhteacht, mo Iáinchreach, mo bhrón guirt. 13 + 1 v. ‘An Feartlaoi.’ ‘Air bhás chSeáin Chláraicc.’

306 . Eóghan Ó Macháin. Mo mhille et m’osna más doilbh is díobhálach.18 + 1 v. ‘An Feartlaoi.’ ‘Ar bhás Fhínghin mhic Rághnaill na Pailíse. Dob é an Rághnall sin cliabhuin Chormuic Mhór Bhaile Aodh ó Chloichreo et ris a deirthídhe Mac Cárrtha Mór.’

310 . Díarmuid mac Dómhnaill mhic Fínghin Chaoil. Mo thubaistdach bháis tú am chrádh is dam ghreada a bpianta. 12 v. ‘Air bhás Ui Dhonnchú an Ghleanna nóch d’éag san bhFraingc 1729’ (cf 368i.).

312 . Oisín mac Fínn. Ceárd ghaisge do fóghnadh d’Aodh. 11 r. ‘Air bhás Aodha mac Gáradh Ghlúndubh .i. Gaisgíodhach d’fhianaibh Éirionn.’

314 . Seán Clárach Mac Dómhnaill. An t-éag togarthach taomghoineadach nár fhéach do neach. 7 v.

315 m. Seán Ó Murchú na Ráithíneach. As ciach d’éigsibh do chléir is do thasdalaibh slíghe. 15 + 1 v. ‘An Ceangal.’ ‘Air bhás Uilliam
mac Réamuinn do Barradh Bhaile na gCloch nóch d’éag an 30 lá December 1746.’

319 . idem. Cé mór do chúisibh cúmha et caointe. 36 + 4 v. ‘An Feartlaoi.’ ‘Air bhás Chaptaoin Séamus Lávalleinn ó Bhaile na mBuailteóirídhe. ’

326 . Uilliam Mac Cairteáin an Dúna. Is truagh liom Art fá thuradh ceall.13 + 2 v. ‘Air bhás Airt Uí Chaoimh.’

329 . Seán Ó Muláin. Um lárr na hoidhche araoir am aonar. 34 + 3 v. ‘An Feartlaoi.’ ‘Air bhás Bhríghid et Onóra Ní Mhuláin.’

335 i. Aodh Mac Cruitín. Do lagaidh clú úrchloinne Tháil go feas. 1 v. ‘Air ccur Bhurton a ttuamba Thiarna an Chláir.’

336 . Mis inghean Dháire Dhóidgeal. Dubh Ruis do budh ríogha a ghnúis. 21 r. ‘Ag caoineadh Dhuibh Rois .i. a compánach.’

339 m. Donnchadh Ó Floinn. A cháirde ionmhuine cé frithir me ag ínsin. 72 v. ‘1817. Air bhás chSeáin Uí Choileáin, Cairbreach. Oide léighinn do budh ró thásgamhuil a bhfoghluim é, et go sonnrach a tteangain a thíre .i. an Ghaoidheilg. A measg na líntesi do gheabhadh an léaghthóir deagh-thuigseach geárfhoirm air stair na bliaghna so d’aois an Tiarna 1817.’ Gluaiseanna anseo is ansiúd le cuid de na tagarthaí. Nóta fada le ‘Aodhaire’: ‘Tiarna Easboig Chorcaighe .i. an tAthair Seán Ó Murchú atá anois et re tréimhse roimhe-so go dil et go díthcheallach ag tiomarga . . . gach duain . . . gach iris. . . et gach aisde ionmholta . . . ionas go bhfuil aige iomad do scriobhnóireadha go saothrach sanntach ag cur an tiomsúghadh-so a nuadh- scríbhinn . . .’ (lch 350).

346 marg. dext. ‘Timothy Keleher’ (l.d.).

350 b. idem. Monuar do chailleamair caradh na Gáedhilge. 6 v. ‘Air bhás Éadhmoind Uí Mhaghamhna.’

351 . Uilliam Ruadh Mhac Coitir. Mór an chreadhailse gheibhim do chéas mé. 87 v. ‘Air Shéamus Mhac Coitir do crochadh a cCorca san mbliadhain 1720.’

365 m. Eamon do bhFál. Fochtaim ort an doilg leat, a Rí na ngrás. 16 + 1 v. (Béarla). ‘Air an adhbhar ccéadna.’

368 i. Diarmuid mac Dómhnaill mac Fínnghin Chaoil. Mo thubaistchiach bháis me ' m chrádh ’s dam ghreada a bpianta. 12 v. ‘Ag so connachlonn air bhás Uí Dhonnchú an Ghleanna .i. Tadhg, nóch d’éag san bhFraingc A.D. 1729.’

370 i. Diarmuid mac Sheáin Bhuidhe Mhac Cárrtha. Scéal caoimh adhbhal a ccríochaibh Fáil. 8 r. + 8 v. (gach re ceann) + 1 v. ‘An Ceangal.’ ‘Connachlonn air bhás an Athair Donnchadh mac Seáin Bhuidhe Mhac Cárrtha. 1729.’

374 . Dáibhídh Mac Gearailt. Mallocht duit a bháis bhrónaicc. 22 r. + 2 v. ‘An Ceangal.’ ‘Da mhac Seán mac Gearailt nóch do marbha san oidhche le bitheamhnaicc.’

378 . An tAthair Pádruic Ó hlarfhlaithe. Ag so an t-adhbhar lena ngoilim is do ghortaidh mo chneádha go léir. 6 v. ‘1733. Air bhás an Athair Eóghuin Uí Shuilliobháin.’

379 m. Seán Ó Murchú na Ráithíneach. Osna agus éacht na hÉirionn tríd an ttreóir. 14 v. ‘1740. Air bhás Dhonnchadh mhac Cormaic Bhaile Aodh.’

381 i. Séamus Mac Gearailt. A shaoghail mhallaighthe is mairg do shnaidhm leat. 29 v. ‘1740. Air an adhbhar cceadhno.’

386 . Connchubhar Ó Ríordáin. Aisling do chréachtchéas me tar barr amach. 8 + 1 v. ‘An Ceangal.’ ‘Air bhás an Athar Pádruicc Ui Iarfhlaithe.’

388 m. Eoghan an Mhéirín Mhác Cárrtha. Is léun liom ’s as déarach le trácht um stair. 7 + 1 v. ‘An Ceangal.’ ‘1753. Air an Athar Tadhg Rábach Mhac Cárrtha.’

389 i. Dánfhocal. Is mairg do mhairfeach a bhfad. 1 r.

390 . Eadhmonn do bhFál. Do chuala tásg do chrádhaidh go léir mé. 22 v. ‘Air bhás an Athair Toirdhealbhaic Mhic Suibhne.’

393 i. gana. Sin folamhúghadh daorchléire fó iath Chlár Choinn. 4 v. ‘Conachlonn ar bhas an Athair Chonchúbhair Ui Bhriain.’

394 i. Eadhmoinn do bhFál. Is díoghbháil ghéar chréachtnaighthe a mbailte muara. 7 + 1 v. ‘An Ceangal.’ ‘Air bhás Mhíchil mac Réadhmoinn Mac Gearailt.’

396 . Raodhmond do Barra. A leoin nach tim a ttreas. 15 r. + 1 v. ‘An Ceangal.’ ‘An tan do mheas sé an chléir do innghreamúghadh . . .1733.’

398 i. Dánfhocal. Líona a n-ionad an fhollmhaighthe. 1 r.

399 . Séamus Mac Gearuilt. Do rinniosa machnamh a leabharaibh aosda. 24 v. ‘Do Mhaghamhna Ó Aodh Chille Chiaráin. 1745.’

403 m. An tAthair Eóghan Ó Caoimh. An tan nách feicim fear ag maoithcroidhe liom. 7 v. ‘1712. Air bhás a mhic Artúir,’ le nóta ón údar: ‘Adeirid cách gur suairc an séal et gur snoighte an siosga do bhéarfain air fhoclaibh ag caoine daoine eile . . . nách raibh a Leath Mogha . . . a mhacasamhail a Laidion a mBéarla, a nGaodhuilge et a cceol. Bliaghuin is fithe dob aois do. Et an 13 lá do July . . . 1709 do ghlac a long a cCuan Chorcuidhe et níor mhair sé acht air feadh aon mhíosa amháin san bhFraingc.’

405 . Uilliam an Dúna. A fhir chroidhe mo chléibh is géarghoin gruama liom. 5 + 1 v. ‘An Feartlaoi.’ ‘Ar an adhbhar ccéadno 1720.’

406 . Feidhlim Mhac Cárrtha. Caoinfead féin mádh thig liom. 29 r. + 3 v. ‘An Feartlaoi.’ ‘Air a cheathrar clainne do marbhadh le blodh don tigh do thuit orrthu, maidionn Shathruinn Cásga.’

411 . An tAthair Uilliam Einglis. A Dháibh Uí Ghlasáin mo ghreadáin bróin tu. 22 v. ‘Air bhás Dháibhidh Ui Ghlasáin. A.D. 1756.’

414 . gana. Do thárla a ccúmha et cúmha do chéas mé. 7 v. ‘Air dhúnmarbha sagairt do chlainn Mhaolruana.’

415 m. ‘Pádruic Ó Maranáin (Warren).’ Is doilbh liom an t-ár so ar scothaibh Chlann Chárrtha. 5 + 7 v. ‘Iargcaoine.’ ‘Air bhás Chormaic mac Dhonchadh Bhaile Aodh.’

417 i. gana. A fhir fhínneálta thréithigh dá mbím Ián do bhuidhchus. 3½ v., an chuid eile caillte. ‘Air an adhbhar céanna. Tá an d. 419-20 caillte agus dá bharrsan deireadh an dáin romhainn agus tús an dáin ina dhiaidh. [Dá m’eól dom mairbhne a cheapa nó rádh le céill. ‘Air bhás an Athar Hannruidhe Balwin’; sic Clár lch 458].

421 . 1. 3 (cf. romhainn). A mhéin 's a mhaitheas cé fada go ttráchtaim díbh. 9 v.

422 i. Dómhnal Ó Luadhsa. Is adhbhar daoirse fann síghinnte 's as cás do chéa[daibh]. 8 + 1 v. ‘An Feartlaoi.’

424 m. ‘Beannacht Mhártain Ui Cheallacháin leis an Athair Séamus do Róisde an tan do chuaidh sé chum cómhnuighthe go Ceann tSáile ó Chnoc an Bhile. 1783.’ Fá léan dár bhfearaibh ó scaruis a Róisdigh línn. 12 v.

426 i. Diarmuid Ó Longa. Mo ghreada mo chrádh mo phéin mo phúdhar. 8 + 1 v. ‘An Feartlaoi.’ ‘Air bhás an Athar Fínghin Mhic Cárrtha Easbog Chorcuidhe.’

428 m. Dómhnall Ó Dreada. Do rinneadh dom aisling do chealg trím néal mé. 7 v. ‘Air bhás Eadhmoinn Cúndún .i. dearbhrathair a chéile.’

429 . An tAthair Dómhnall Ó Súilliobháin. Is doilbh do thosd a Éire cháidh. 8 v. ‘Air an Athair ró-airmídhineach Pól Ó Briain do fuair bás a cColáisde Mhágh-an-Fhuath an 18 lá do Bhéiltine 1820.’

431 m. idem. A Chluain chaoin is truadh do dhoilbhchás. 7 v. ‘Air an tAthair Tadhg Ó Ceallacháin do fuair bás a cCove Chorchadha an dara lá do June 1821.’

432 . Mícheál Ó Longáin. Is mór an easbadh feasda a ccríochaibh Fáil. 5 v. ‘Air bhás an Athar Pól Ui Bhriain an 18 lá do mhí na Béilteinne. 1820.’

433 . Dómhnall Ó hlarlaithe. Air chamhair sul d’asgair le lasair an ló tímchioll. 20 + 1 v. ‘An Ceangal.’ ‘1817. Air bhás chSeáin Uí Choileáin d’éag san Scibirín an 18 lá den Abrán.’

436 i. Seán Ó Mulláin. Tá soégheadghalar nímhe dam ghéarghoin trém chroidhe. 9 + 1 v. ‘An Ceangal’.

438 . Connchubhar Ó Súilliobháin. Atá cumha air do bhailtibh ó Cheachain go Críoch Éirne. 13 v. ‘Do chaptaen Ó Súilliobháin do marbhadh a tógbháil sealbhadh a Luimneach san mbliaghuin 1827.’

439 marg. dext. Síniú: ‘Sean O Chain’ (l.d.).

441 . Diarmuid mac Séamuis mhic Connchubhair. Sin fúd treasgurtha a gharbhleac, is maoidhim go hard. 8 + 1 v. ‘Feartlaoi.’ ‘Air bhás Connchubhair Uí Ríomhardáin. 1810.’

442 i. Mícheál Ó Longáin. Do chuala t á dhasc do chrádhaidh go léir me. 7 v. ‘Air bhás Dhonnchadh Uí Fhloinn, noch d’éag a cCorcaigh an seachtmha lá den Ochtmhí . . . 1830.’

444 . ‘5 verse composed by the Revd. Daniel O’Sullivan for William Sullivan Minister. D’eis leirscrios na Banba beannuighthe aosda’ (l.d.). Sin a bhfuil.

445 . Scribleáil: ‘John Kain is my name . . .’

446 . Bán.

447 . ‘Seán Ó Catháin. Air modon a neay . . .' .

448 . Bán ach scribleáil.

449 - 458 . Clár.

459 . Scribleáil: ‘John Caine. John Kain of Douglas or Lisse . . .’ Bán as seo amach.