LS 5
FORAS FEASA AR ÉIRINN: AN DÍONBHROLLACH AGUS AN CHÉAD LEABHAR
19ú haois. Páipéar. 33 × 21 cm (ach 191–[192], 20.5 × 21 cm, bun na bileoige sin gearrtha amach is cosúil). Lgh iv + 196, fara dhá lch ceangail ag an tosach agus dhá cheann eile ag an deireadh. Na lgh uimhrithe ag an scríobhaí mar seo: 1–191 ach lgh 31, 40, 111, 169 tugtha faoi dhó (is é an chéad lch 169 atá luaite anseo thíos). Scríobhaí: Padraig Ó Cearmoda, ‘Cill Rosanta’ [Co. Phort Láirge] (i l.d. ar lch [iv]). Gan dáta ná comhartha uisce (ach roimh LS 4 is dealraitheach. Féach P. Ó Macháin, ‘Patrick Carmody, Irish Scholar’, Decies: Journal of the Waterford Archaeological & Historical Society 53 (1997) 133–144, 141, fn. 40).
Clúdach cruaidh dúghlas. Focail in easnamh sa téacs: lgh 2, 3. Sailiú: lch 169. Na lgh réamhlínithe go meicniúil. Ríalú déanta ar na him. inmheánacha agus sheachtracha ag an scríobhaí (le peann luaidhe). Dátaí de réir ‘A[nno] M[undi]’ ar na him. tríd síos. Focail cheangail: passim. Teidil reatha: passim. Leasuithe agus nótaí i láimh an scríobhaí (le peann agus peann luaidhe) ar na him. agus idir na línte tríd síos. Lgh deisithe le páipéar buí (trédhearcach): lgh 45, 47 (im. inmheánacha); 189–190 (im. sheachtracha).
Nótaí fánacha: (a) [iv]i. ‘Padraig Ó Cearmoda, / Cill Rosanta, / do Scríobh’ (le peann luaidhe déanach, i láimh Liam Uí Mhiadhacháin, úinéir na lámhscríbhinne seo tráth).
lch.
[i] -[iv] . Bán, cé is moite de nóta ar lch [iv], féach nótaí fánacha.
1 . [Foras Feasa ar Éirinn.] ‘An Dionbhrollach chum an Léightheóra.’ Tos. Cidh b’e duine san mbith chuirios roimhe seanchus no sinseardhachd criche san bhith do lorguireachd no do leanmhuin. Críoch. (lch 27.11) oir ma ta aoin nidh inbhéime ann ni o mhalís acht o aineolus a ta bhur m-bochd charadh bithdhilios go bás Seathrún Céitinn.
27.17 . ‘Forus Feasa air Eirinn Lib. 1.’ Tos. Ag so do sheanchus Eirionn agus do gach ainm da d-tugadh uirre agus do ghach roinn da ndeárnadh uirre, agus do ghach droing dar ghabh í agus do ghach gniomh tásgamhuil da n-dearnadh innte le linn gach árdrígh da raibh uirre o thúis riamh gus an aimsir so, an meid fuaras re a bh-faisneis díobh agus aois an tighearna anois 1629. Críoch. (lch 191.21) tugadar a mhuintir a chorp leo an Eirinn gur h-adhnaiceadh a Roilig na Riogh a g-Cruachán é. ‘Críoch an chéad leabhair.’ Tagraítear don údar agus don saothar seo a leanas i nótaí ar na him. sa phíosa: [Edward] O’Reilly [An Irish-English Dictionary (Dublin 1817)] (lch 128); Irisleabhar [na Gaedhilge, imleabhar 2, lch 317] (lch 129).
[192] . Bán.
© Catalogue record by Liam Ó Riain 2023