ISOS logo
en

MS IL 4

FOCLÓIR PÓCA BÉARLA-GAEILGE

6" × 3.7". 224 lch gan uimhriú, le duilleoga ceangail chun tosaigh agus laistiar. Pádraic Stúndún, Patrick Stanton a scríobh i gCorcaigh in 1889. Ar an gcéad lch tá ‘Preface’ ina ndeir sé go bhfuil tús áite tugtha aige do chanúint na Mumhan, agus ansin don Ghaeilge ársa, agus gurb é Pól Ó Briain, Mhá Nuad, a d’aistrigh an dán ag an deireadh. Ceangailte go stóinsithe i gcairtchlár donn le hiall á dúnadh (Cf. PB 8).

[2] . Lch teidil: ‘Foclóir Póca Sagsbéarla agus Gaedhilge . . . cruinnighthe lá Pádraic Stúndún, air Leirg na mBráthar a g-Cathair Chorcaíghe . . . 1889.’

[3] . ‘Aibghitir nó Aibideil.’

[7] . Roinn ar leith: ‘Ainbhighthe Fíadhain agus Caideartha.’ Téann sé ó ‘Adder’ go ‘Zebra, asal-stríocach’ ([35] i.). Líne gorm faoi fhocail ‘not in Foley’ (.i. Foclóir).

[36] . FOCLÓIR. Tos. Abate-ment lagtháiste, laghdúghadh. Críoch. Zone, giorta, ciorcait ronna teas na gréine air talamh ([218] i).

[219] . ‘Ógham Chraobh nó sgríbhinn ár sinsior’. Beith ’na haonar dom láimh dheis. 26 1. le léaráid. ‘Aithsgríobhtha le Pádraic Stúndún air Leirg na mBráthar a g-Corcaigh. 1889. Léaghthar Ógham ó bhun go bár . . .’

[221] . ‘Ogham Chraobh, a Translation.’ For mystic lines in days of yore. 34 1.